San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Samhna dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Faighteoirí Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí 2022
Maoiniú Damhsa le haghaidh 2022
Bonn Eolais le haghaidh Todhchaí Oíche Chultúir
Clár In the Open / Faoin Spéir i mí Mheán Fómhair
Nuála Digiteacha Chláir RAISE - a bheith chun tosaigh
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon faighteoirí rathúla dhámhachtainí Reel Art i 2021
Clinic maoinithe amharclainne
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2022: Babhta 2
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Nuacht ón bPobal
CRUINNIÚ MULLAIGH FHÉILTE NA hEORPA - GAILLIMH 22-24 SAMHAIN 2021
Scoileanna Ildánacha
Comhordaitheora Réigiúnaigh agus Comhlaigh Chruthaitheacha
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair

Is é an spriocdháta le haghaidh camchuairteanna a bheidh ar bun idir mí Iúil agus mí na Nollag 2022 agus le haghaidh Réamhphleanáil 2023 an 13ú Eanáir 2022.

 

Tabhair faoi deara gur cuireadh síneadh leis an tréimhse iarratais agus go mbeidh fáil ar fhoirmeacha iarratais anois trí na seirbhísí ar líne ón 30 Samhain 2021.

 

Féadfaidh iarratasóirí nach n-éiríonn leo Maoiniú Straitéiseach/Ionaid Ealaíon/Comhpháirtíochta a fháil cur isteach ar Bhabhta 2 de Scéim Camchuairte 2022.

 

Tá an scéim Réamhphleanála oscailte d’aon duine aonair agus d’eagraíochtaí ar mian leo léiriúcháin a thabhairt ar camchuairt in 2023.

 

Ó tugadh isteach í sa bhliain 2010, tá na scéimeanna Camchuairte bunaithe ar phrionsabal an chomhoibrithe idir na daoine a léiríonn saothar agus na daoine a chuireann saothar i láthair don lucht féachana/éisteachta.

 

Chun sonraí a fháil faoin scéim, déan teagmháil le Val Ballance nó Regina O’Shea. Má tá aon cheisteanna agat a bhaineann go sonrach le foirmeacha ealaíne, cuir ríomhphost chuig an bhfoireann ábhartha. Tá na sonraí teagmhála ar fad ar leathanach Teagmhálacha shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.