Comhairleoir um Éagsúlacht Chultúrtha
Is mian leis an gComhairle Ealaíon Comhairleoir um Éagsúlacht Chultúrtha a cheapadh ar feadh tréimhse 12 mhí a fhéadfar a shíneadh ar feadh 6 mhí eile.
Léigh tuilleadh
Spriocdháta don Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht - 5:30 i.n., Déardaoin, an 31 Bealtaine 2012
Ba mhaith leis an gComhairle Ealaíon agus leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht 2012 a fhógairt, agus é de chuspóir acu cur le rannpháirtíocht an phobail san ailtireacht.
Léigh tuilleadh
Spriocdháta: An Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa - 5.30 i.n., Déardaoin an 17 Bealtaine 2012
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile den Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa ná 5:30 i.n., Déardaoin an 17 Bealtaine 2012.
Léigh tuilleadh
Spriocdháta: Scéim Deis - 5.30 i.n., Déardaoin an 17 Bealtaine 2012
Is é an spriocdháta don Scéim Deis ná 5:30 i.n., Déardaoin an 17 Bealtaine 2012.
Léigh tuilleadh
Spriocdháta: Dámhachtain na gCoimisiún sna hEalaíona Traidisiúnta - 5.30 i.n. Déardaoin, an 17 Bealtaine 2012
Is é an spriocdháta do Dhámhachtain na gCoimisiún sna hEalaíona Traidisiúnta ná 5:30 i.n. Déardaoin an 17 Bealtaine 2012.
Léigh tuilleadh
Meabhrúchán: Spriocdháta do scéimeanna téatair - 5:30 i.n., Déardaoin an 17 Bealtaine 2012
Is é an spriocdháta don Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Téatair, don Scéim Mhaoinithe um Fhorbairt Téatair agus don Scéim Thacaíochta um Chomhroinnt Acmhainní Téatair ná 5:30 i.n., Déardaoin an 17 Bealtaine 2012.
Léigh tuilleadh
Spriocdháta: Camchuairt agus Scaipeadh Saothair, Babhta 1 – Eanáir go Meitheamh 2013 - 5:30 i.n., Déardaoin an 3 Bealtaine 2012
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas i gcomhair camchuairteanna a thosóidh sa tréimhse Eanáir go Meitheamh 2013 ná Déardaoin an 3 Bealtaine, 2012.
Léigh tuilleadh
Nuacht ó Phobal na nEalaíon
Tá faisnéis againn sa rannán seo faoi Shannachán Eatramhach ag The Ark. Is mian le The Ark, Ionad Cultúrtha do Leanaí, Stiúrthóir Feidhmeach a cheapadh ó Lúnasa 2012. Is sannachán feidhmiúcháin eatramhach é seo do cheannaire oilte, atá thar a bheith tiomanta do chomhionannas do leanaí san earnáil chultúrtha, agus a bhfuil cumas cruthaithe aige nó aici sa bhainistíocht agus i ndáil le heolas maidir leis na healaíona.
Léigh tuilleadh
Nuacht idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
I measc na scéalta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha tá: Sraith Taistil agus Oiliúna na Comhairle Ealaíon: Dámhachtain an Phointe Teagmhála Cultúrtha Idirnáisiúnta. Is féidir leat torthaí an roghnaithe a rinneadh i gcomhair Shraith 1.3.6 de Chlár Cultúir an AE a fheiceáil ar líne anois. Tá faisnéis againn freisin faoi Chomhdháil Bhliantúil Leabhair Pháistí Éireann i mBealtaine 2012. Is féidir leat léamh faoi phlé painéil Fhéile Damhsa Bhaile Átha Cliath faoi ghluaiseacht ar fud na hEorpa agus faoin seimineár Eorpach Baile Átha Cliath “Music in Healthcare Settings” (Ceol i Suíomhanna Cúram Sláinte). Ar deireadh, tá sonraí againn maidir le Clár um an Eoraip do na Saoránaigh 2007 - 2013.
Léigh tuilleadh
|
|