The Arts Council Website
San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Aibreáin dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Clinicí faisnéise ar dhámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon don bhliain 2019
Fógraíonn Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon Gairmeacha Oscailte ar Léirithe Spéise le haghaidh an 17ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta, La Biennale di Venezia, 2020.
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair Dámhachtain Coimisiún – 5.30 pm, Déardaoin, 2 Bealtaine 2019
Spriocdháta Nua le haghaidh Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2020 – Babhta 1
Spriocdháta: Dámhachtainí Sparánachta Déardaoin, 13 Meitheamh 2019
Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Nuacht ón bPobal
Uillinn: Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí
Bingo Wings
Áras na Scríbhneoirí: Nuashonrú
Fógraíonn Fishamble an dráma a roghnaíodh i gcomhair A Play For Ireland
FRESH STREET#3 | Seimineár Idirnáisiúnta ar Fhorbairt na nEalaíon Sráide i nGaillimh
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Treoirscéim Soghluaisteachta d’Ealaíontóirí agus do Ghairmithe Cultúir ó mhí Aibreáin 2019!
Deasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn le bheith ag Comhdháil Chumann Leabharlann na hÉireann, 2019
An Eoraip Chruthaitheach ag tacú leis an bhFéile Big Bang a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ón 5–7 Aibreán
Tionscadail atá á maoiniú ag an Eoraip Chruthaitheach
Memory of Water (Ormston House)
PUSH+ (The Ark)
Make a Move (Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe)
A Woman’s Work (Dánlann na Grianghrafadóireachta)
Arts Council RSS
Cartlann
Déan Teagmháil linn

Spriocdháta le haghaidh nuachta agus tuairimí Dé Luain 25 Feabhra.

.

.

editor@artscouncil.ie

Liostáil

 

Liostáil

Nascanna Úsáideacha

Comhairle Ealaíon Leathanach baile

Foireann na Comhairle Ealaíon

Baill na Comhairle Ealaíon

cinntí déanaí

Nuacht na míosa seo
Clinicí faisnéise ar dhámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon don bhliain 2019

Tá spéis ag an gComhairle Ealaíon timpeallacht a chruthú, trína dámhachtainí scannáin, ina bhfuil an tsaoirse ag scannánóirí saothar turgnamhach agus/nó neamh-scéalaíochta a dhéanamh, agus tugtar deiseanna dóibh saothar ard-chruthaitheach a dhéanamh d’ardáin taispeántais i dtionscal na scannán.



Léigh a thuilleadh >>




Fógraíonn Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon Gairmeacha Oscailte ar Léirithe Spéise le haghaidh an 17ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta, La Biennale di Venezia, 2020.

Tá tograí tarraingteachta, uaillmhianacha agus spreagúla á lorg ag Cultúr Éireann agus ag an gComhairle Ealaíon chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an taispeántas ailtireachta is tábhachtaí ar domhan.



Léigh a thuilleadh >>

Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair Dámhachtain Coimisiún – 5.30 pm, Déardaoin, 2 Bealtaine 2019

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Coimisiún na Comhairle Ealaíon Déardaoin, 2 Bealtaine 2019 ag 5.30 pm. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 2 Aibreán 2019 ar aghaidh.



Léigh a thuilleadh >>




Spriocdháta Nua le haghaidh Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2020 – Babhta 1

Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Babhta 1 de Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2020 le haghaidh féilte a thosóidh agus a bheidh ar siúl idir Eanáir-Meitheamh 2020.



Léigh a thuilleadh >>




Spriocdháta: Dámhachtainí Sparánachta Déardaoin, 13 Meitheamh 2019

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Sparánachta na Comhairle Ealaíon Déardaoin, 13 Meitheamh 2019 ag 5.30 pm.



Léigh a thuilleadh >>




Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta

Is é cuspóir na Dámhachtana do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta tacú le tionscnaimh cleachtóirí gairmiúla i bhforbairt agus i gcur i láthair ceoldráma ag trí chéim ar leith. Spreagfar saothar ar ardchaighdeán ealaíne a fhorbairt, agus léirithe iomlána ceoldrámaíochta a dhéanann teagmháil leis an bpobal, rud a chruthóidh deiseanna d’ealaíontóirí.

 

Spriocdháta: 5.30 pm, an 09 Bealtaine 2019



Léigh a thuilleadh >>




Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile

Is é cuspóir na Dámhachtana d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile tacaíocht a thabhairt do scata ealaíontóirí tréitheacha san uile dhisciplín ag pointe luath ach ríthábhachtach ina ngairm.

 

Is é an spriocdháta don dámhachtain seo 5:30 p.m. Déardaoin, 16 Meitheamh 2019. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 16 Aibreán 2019 ar aghaidh.



Léigh a thuilleadh >>




Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair

Dearadh an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair chun tacaíocht a thabhairt maidir le saothar a thabhairt ar camchuairt agus a scaipeadh thar raon foirmeacha ealaíne agus cleachtas ealaíon.

 

Is é an spriocdháta i gcomhair camchuairteanna a bheidh ag tosú ó Eanáir go Meitheamh 2020 ná Déardaoin, 2 Bealtaine 2019.


Nuacht ón bPobal
Uillinn: Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí

Táimid ar thóir duine an-spreagtha, solúbtha agus eagraithe atá díograiseach faoi dhaoine a bheith rannpháirteach sna healaíona agus sa chlár leathan agus éagsúil ag Uillinn.



Léigh a thuilleadh >>




Bingo Wings

Is comhoibriú é an tionscadal Bingo Wings idir comhpháirtithe éagsúla, faoi stiúir Rannóg Ealaíon agus Cultúir Chomhairle Chathair agus Contae Luimnigh, stiúrthóir ealaíonta Amharclann Damhsa Aerga Fidget Feet, Comhairle Contae Chiarraí agus Comhairle Chontae Dhún na nGall chun comhchoimisiúnú agus léiriú a dhéanamh ar thionscadal Bingo Wings, arna mhaoiniú trí Scéim um Chuireadh chun Comhoibrithe na Comhairle Ealaíon.



Léigh a thuilleadh >>




Áras na Scríbhneoirí: Nuashonrú

D’eagraigh Áras na Scríbhneoirí comórtas Splancfhicsin agus Neamhfhicsin Chruthaithigh, agus Athrú Aeráide mar théama leis, i gcomhpháirt le Garraithe Náisiúnta na Lus agus le Five Lamps Arts Festival, agus is cúis mór áthais dó sárthaispeántas a fhógairt ag a léifidh na buaiteoirí a gcuid saothar mar aon leis na scríbhneoirí coimisiúnaithe Gavin CorbettE. R. Murray agus Orna Ní Choileáin.



Léigh a thuilleadh >>




Fógraíonn Fishamble an dráma a roghnaíodh i gcomhair A Play For Ireland

Chuaigh Fishamble sa tóir ar dhráma i gcomhair A Play For Ireland in 2017 le gairm oscailte don tír. Forbraíodh 30 dráma nua le linn 2018 le Fishamble agus a ionaid chomhpháirtíochta Draíocht, Everyman, Amharclann Lime Tree & Ionad Ealaíon Belltable, Amharclann Lyric, Amharclann an Phailliúin agus Amharclann Halla na Cathrach. Fógraíodh gur cuireadh seisear drámadóirí ar an ngearrliosta níos luaithe i mbliana, agus fógraíodh an dráma a roghnaíodh i gcomhair A Play For Ireland an tseachtain seo.



Léigh a thuilleadh >>




FRESH STREET#3 | Seimineár Idirnáisiúnta ar Fhorbairt na nEalaíon Sráide i nGaillimh

Tugann Circostrada, Artcena i gcomhpháirtíocht le Gaillimh 2020 agus Irish Street Arts, Circus & Spectacle Network cuireadh duit a bheith linn i gcomhair FRESH STREET#3 | Seimineár Idirnáisiúnta ar Fhorbairt na nEalaíon Sráide i nGaillimh idir an 22 agus an 24 Bealtaine 2019.



Léigh a thuilleadh >>


Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Treoirscéim Soghluaisteachta d’Ealaíontóirí agus do Ghairmithe Cultúir ó mhí Aibreáin 2019!

Tabharfaidh an treoirscéim deis do 500 ealaíontóir nó gairmí cultúir páirt a ghlacadh sa chlár turgnamhach seo a thástálfaidh tréimhsí éagsúla soghluaisteachta i gcomhair cuspóirí gairmiúla difriúla ar feadh sé mhí. 



Léigh a thuilleadh >>




Deasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn le bheith ag Comhdháil Chumann Leabharlann na hÉireann, 2019

Beidh seastán eolais againn ag comhdháil bhliantúil Chumann Leabharlann na hÉireann a bheidh ar siúl in Óstán Killashee, Cill Dara ar an 10 agus 11 Aibreán. Gheobhaidh tú an fhaisnéis ar fad faoin gcomhdháil anseo.



Léigh a thuilleadh >>




An Eoraip Chruthaitheach ag tacú leis an bhFéile Big Bang a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ón 5–7 Aibreán

Is comhpháirtí é The Ark i mBaile Átha Cliath ar Thionscadal Big Bang atá ag fáil tacaíochta ón Eoraip Chruthaitheach. Seo tionscadal mórscála le 12 chomhpháirtí Eorpacha, a mhairfidh ar feadh ceithre bliana. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin tionscadal anseo.



Léigh a thuilleadh >>




Tionscadail atá á maoiniú ag an Eoraip Chruthaitheach

Nuair a labhraímid le daoine agus le heagraíochtaí ag tús a n-aistir maoinithe AE is minic go ndeirimid gurb é an chéad chéim is fearr a ghlacadh ná taighde a dhéanamh ar thionscadail mhaoinithe. Pointe eile a dhéanaimid i gcónaí ná cé go bhfuil an maoiniú atá ar fáil faoin Eoraip Chruthaitheach dírithe go príomha ar eagraíochtaí, tairgeann na tionscadail mhaoinithe go leor deiseanna (cónaitheachtaí, ceardlanna, deontais soghluaisteachta, etc.) do dhaoine aonair.



Léigh a thuilleadh >>




Memory of Water (Ormston House)

Is é an téama is mó atá le brath sa tionscadal ná todhchaí na gcriosanna oidhreacha ar imeall an uisce i gcathracha iar-thionsclaíocha na hEorpa.



Léigh a thuilleadh >>




PUSH+ (The Ark)

D'fhás PUSH+ ó fhoghlaim agus torthaí PUSH (tionscadal dhá bhliain ina ndearnadh iniúchadh ar Fhéiniúlacht Inscne agus Ghnéasach, Imirce agus (ró)chosaint) agus ón bhfonn atá ann an fhoghlaim sin a thabhairt chomh fada leis an gcéad leibhéal eile.



Léigh a thuilleadh >>




Make a Move (Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe)

Is é cuspóir an tionscadail 'Make A Move' rannchuidiú le hathbheochan amharclannaíocht na hEorpa trí chumas cruthaithe agus nuálacha díomhaoin na gcleachtas amharclannaíochta neamh-institiúide agus neamhspleáiche a chur ag obair, ar nós amharclannaíocht fhisiceach, mím chorpartha agus amharclannaíocht ar ala na huaire.



Léigh a thuilleadh >>




A Woman’s Work (Dánlann na Grianghrafadóireachta)

Is tionscadal é A Woman's Work ina n-úsáidtear grianghrafadóireacht agus meáin dhigiteacha chun dul i ngleic leis an easnamh sin trí chomhoibriú ealaíonta agus malartú thar theorainneacha, agus comhléiriú taispeántas, foilseachán agus acmhainní ar líne a thugann dúshlán don dearcadh ceannasach maidir le hinscne agus an tionscal san Eoraip.



Léigh a thuilleadh >>