Glao ar iarratais: Seirbhísí Comhordaithe don Oíche Chultúir
Tá soláthar Seirbhísí Comhordaithe á lorg ag an gComhairle Ealaíon don Oíche Chultúir 2021. Is imeacht bliantúil uile-oileáin í Oíche Chultúir a cheiliúrann cultúr, cruthaitheacht agus na healaíona.
Beidh Comhordaitheoir na hOíche Cultúir i gceannas ar chomhordú, rannpháirtíocht agus cumarsáid na hOíche Cultúir ar bhonn náisiúnta. Feidhmeoidh an Comhordaitheoir mar chomhairleoir do réimse leathan páirtithe leasmhara agus mar phointe teagmhála do ghníomhaíochtaí na hOíche Cultúir ar an scála náisiúnta.
An 27 Eanáir 2021 ar 12 meán lae an sprioc le haghaidh tairiscintí.
Léigh a thuilleadh >>
Glao ar thairiscintí: Bosca Uirlisí Digiteacha
Tá tairiscintí á lorg ag an gComhairle Ealaíon ó sholáthróirí seirbhísí oiliúna, nó ó chuideachtaí a oibríonn leis na meáin, chun Bosca Uirlisí Digiteacha a chruthú do ghairmithe na n-ealaíon lena ndéanfar an dea-chleachtas sa táirgeadh agus sa scaipeadh digiteach a chur chun cinn. Cuirfear an Bosca Uirlisí Digiteacha ar fáil saor in aisce don phobal ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon agus bainfear úsáid as mar áis oiliúna do dhaoine a bhfuil leibhéil thaithí éagsúla acu.
Léigh a thuilleadh >>
Tá Tadhg O’Sullivan ceaptha mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe in UCC
Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon agus ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh a fhógairt go bhfuiltear tar éis Tadhg O’Sullivan a cheapadh mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe i gcomhair 2021.
Léigh a thuilleadh >>
Coiscéim Coiligh
Freagairt ealaíonta uathúil is ea Coiscéim Coiligh ar ré uathúil i stair na hÉireann. Cuirfidh ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne ar fud na hÉireann an séasúr seo d’imeachtaí ealaíon, atá uaillmhianach i dtaobh cuspóra, scála agus scóip, i láthair i mí an Mheithimh 2021.
Léigh a thuilleadh >>
|
|