San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mhárta dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Luach Saothair don Ealaíontóir
Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh – Scéim Phíolótach chun Acmhainní Amharclannaíochta a Chomhroinnt
Clár RAISE - FORBAIRT ACMHAINNE INFHEISTÍOCHTA PRÍOBHÁIDÍ - Fógraítear Céim 2.
Clinicí faisnéise ar dhámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon don bhliain 2020
Deontais agus Dámhachtainí
An Dámhachtain Coimisiún, an chéad spriocdháta eile – 5:30 p.m, Déardaoin, 30 Aibreán 2020
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta don Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa, 2020
An Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Amharclannaíochta
Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Spriocdháta: Maoiniú Deontais do na hEalaíona, 2021
An chéad spriocdháta eile do Reel Art – 17:30 Déardaoin,14 Bealtaine 2020
Nuacht ón bPobal
Tá WESTIVAL ag lorg STIÚRTHÓIR FÉILE. Buaiteoir Dhámhachtana Féilte na hÉireann 2019 don ‘Fhéile Bheag is Fearr’.
PAINÉAL TEAGASCÓIRÍ CEOIL
Riarthóir Music Generation
Scoileanna Ildánacha
Deis do Chomhlaigh Chruthaitheacha
Scoileanna Ildánacha – ag cur fáilte roimh iarratais ó scoileanna as gach cearn den tír
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta don Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa, 2020

Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach don chéad bhabhta eile den Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa an 10 Márta. Is é spriocdháta na scéime 5.30 pm Déardaoin, 9 Aibreán 2020. Glacfar le hiarratais ar shuíomh gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle Ealaíon.

 

Is é cuspóir na Scéime Cónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa cobhsú a dhéanamh ar líonra ealaíontóirí cónaitheacha damhsa ar fud na tíre agus tacú leo. Déanfaidh an t-ealaíontóir damhsa ábhar sonrach an chláir oibre a dhearadh i gcomhar leis an ionad agus leis an údarás áitiúil.

 

Is iad seo aidhmeanna na scéime:

 

  • damhsa gairmiúil agus damhsa sa phobal a chobhsú in áiteanna éagsúla ar fud na réigiún;
  • deiseanna a sholáthar d’ealaíontóirí damhsa ar fud na tíre páirt a ghlacadh i gclár oibre ealaíonta a bheidh ábhartha ó thaobh a gcleachtas féin;
  • deiseanna a sholáthar d’údaráis áitiúla agus d’ionaid cleachtas damhsa a fhorbairt ina gceantair féin;
  • forbairt pleanála fadtéarmaí agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí neamhspleácha damhsa a spreagadh.

 

Féadfaidh ealaíontóirí damhsa gairmiúla, ionaid tionóil nó údaráis áitiúla cur isteach ar an scéim seo. Ní mór d’iarratasóirí tacaíocht thiomanta a léiriú ó ionad tionóíl amháin agus údarás áitiúil amháin ar a laghad, nó meitheal d’ionaid tionóil agus d’údaráis áitiúla

 

Foilsíodh treoirlínte na scéime sa chuid maidir le maoiniúatá ar fáil dár suíomh gréasáin.