San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Dheireadh Fómhair dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Treoirlínte Rannpháirtíochta Pobail do na Meáin Shóisialta de chuid na Comhairle Ealaíon
Gairm ar iarratais ar phoist mar Scríbhneoir Cónaithe in ollscoileanna na hÉireann in 2021
Reáchtálfaidh foireann na bhFéilte dhá chlinic fhíorúla don Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne i mí Dheireadh Fómhair 2020.
EALAÍONTÓIR SCANNÁN CÓNAITHE IN UCC - Gairm ar iarratais
Comhairleoirí taighde ceaptha don Oíche Chultúir
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Nuacht ón bPobal
Iarratais á lorg ó phíobairí agus ó chruitirí do Bhonn Óir Seán Ó Riada
Open House Dublin - The Extraordinary Ordinary Ar líne + Ar an Láthair, 8–11 Deireadh Fómhair 2020
Coimisiún Ceoil Chomhairle Contae Ros Comáin 2020/2021
Comhairleoirí taighde ceaptha don Oíche Chultúir

Tar éis Oíche Chultúir iontach a chruthaigh oíche náisiúnta d’eispéiris chultúrtha, tá an Chomhairle Ealaíon anois ag tabhairt faoi chéim taighde chun cabhrú le hOícheanta Cultúir a eagrú sa todhchaí.

Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon a dhearbhú gur ceapadh na comhairleoirí Janice McAdam, Heather Maitland agus Annette Nugent chun athbhreithniú fianaise, taighde agus comhairliúchán a dhéanamh ar Oíche Chultúir thar ceann na Comhairle Ealaíon agus a páirtithe leasmhara comhpháirtíochta. 

Príomhthoradh ón taighde seo is ea moltaí a sholáthar maidir le fís, misean agus spriocanna Oíche Chultúir sa todhchaí, ailínithe le Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh agus le cuspóirí beartais náisiúnta eile maidir le cultúr, cruthaitheacht agus pobal. Déanfar an taighde idir mí Dheireadh Fómhair 2020 agus mí an Mhárta 2021. Ná bhíodh aon drogall ort dul i dteagmháil linn má bhíonn ceist ar bith agat: culturenight@artscouncil.ie.