San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mheán Fómhair dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Oíche Chultúir, Dé hAoine 18 Meán Fómhair, 2020 Á nascadh le chéile tríd an gCultúr
Wintering Out
Maoiniú d’Ionaid Ealaíon 2021 – Seisiúin Faisnéise
Deontais agus Dámhachtainí
Spriocdháta: Babhta a Dó de Scéim Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais in 2020
Sparánacht Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal
Deis maoinithe nua trí Dhámhachtain Tionscadail do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas
Nuacht ón bPobal
Seisiúin faisnéise ar líne
Seisiúin faisnéise ar líne

Éist le Amie Lawless agus í ag roinnt a taithí ar na dámhachtainí atá ar fáil i gcomhair Saothar Nua, Meantóireachta agus Oiliúna tríd an scéim, Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais. Beidh seisiún ceisteanna agus freagraí ann agus cuirfimid dóthain ama i leataobh ionas go mbeidh daoine in ann ceisteanna a chur. Maidir leis na seisiúin faisnéise ina ndíreofar ar chineál amháin dámhachtana, roinnfidh ealaíontóirí ar éirigh leo i mbabhta a haon a dtaithí linn.

15 Meán Fómhair – Obair Nua, Meantóireacht agus Oiliúint 
17 Meán Fómhair – Obair Nua le Emilie Conway
22 Meán Fómhair – Meantóireacht le Suzanne Walsh
24 Meán Fómhair – Oiliúint le Áine O’Hara

Reáchtálfar na seisiúin faisnéise uile idir 11.00-12.00

Cuirtear na seisiúin faisnéise Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais ar fáil d’ealaíontóirí faoi mhíchumas atá ag cur iarratas ar mhaoiniú isteach i mbabhta a dó agus do dhaoine atá ag tacú leo an t-iarratas sin a dhéanamh.

Rochtain: Cuirfear téacs go teanga ar fáil ag úsáid Streamtext. Cuirfear ateangaireacht Theanga Chomharthaíochta na hÉireann ar fáil ar an 15 agus ar éileamh ar na dátaí eile. Má tá aon riachtanais rochtana eile agat chun páirt a ghlacadh sna seisiúin faisnéise seo agus más maith leat labhairt le Amie, seol ríomhphost chuig amie@adiarts.ie.