Gairmeacha reatha ar mhaoiniú agus spriocdhátaí atá ag teannadh linn
Foilsíodh na gairmeacha ar thograí ar cuireadh moill orthu le haghaidh dhá shraith maoinithe faoin bhfochlár Cultúir den Eoraip Chruthaitheach – Tacaíocht do Thionscadail Chomhoibrithe san Eoraip agus Tacaíocht do Líonraí na hEorpa.
Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin Dheasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn trí na naisc thíos.
Tacaíocht do Thionscadail Chomhoibrithe: Spriocdháta: Dé Céadaoin, an 23 Samhain 2016 (11 a.m., am na hÉireann). Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar mhaoiniú do thionscadail chomhoibrithe anseo, lena n-áirítear forbhreathnú ar na hathruithe ar na treoirlínte sa bhabhta seo. Tá alt againn ina bhfuil leideanna áisiúla dóibh siúd atá ag forbairt tograí le haghaidh na snáithe Tionscadail Chomhoibrithe freisin mar sin déan cinnte go léifidh tú é sin anseo.
Is comhpháirtí í an fhéile Éireannach, First Fortnight, i dtionscadal Eorpach ar éirigh leis cómhaoiniú a bhaint amach faoin tsnáithe seo den Eoraip Chruthaitheach. Léigh tuilleadh faoina rannpháirtíocht agus faoin gCéad Fhéile Ealaíon Eorpach don Mheabhairshláinte anseo.
Tacaíocht do Líonraí na hEorpa: Spriocdháta: Dé hAoine an 25 Samhain 2016 (11 a.m., am na hÉireann).
Chun ár liosta de líonraí ealaíon agus cultúir Eorpacha a íoslódáil agus chun féachaint cé na heagraíochtaí Éireannacha a bhí ina gcomhpháirtithe i mbabhtaí rathúla den snáithe maoinithe líonraí le déanaí cliceáil anseo.
Deiseanna d’ealaíontóirí i dtionscadail a fhaigheann tacaíocht ón Eoraip Chruthaitheach faoi láthair
Dámhachtain d’Ealaíontóir Cónaithe, Create agus UCD Parity Studios i gcomhpháirtíocht le Coláiste Eolaíochtaí Sóisialta agus an Dlí, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (Éire): Spriocdháta: an 13 Samhain
Tá gairm ar ealaíontóir cónaithe fógartha ag Create agus UCD Parity Studios i gcomhpháirtíocht le Coláiste Eolaíochtaí Sóisialta agus an Dlí, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Leis an gcomhpháirtíocht bhríomhar idir UCD Parity Studios agus Create, faigheann an tréimhse cónaithe 2017 seo tuilleadh tacaíochta trí Chlár Comhpháirtíochta Ealaíon Comhoibríoch Create (CAPP) atá á mhaoiniú ag an Eoraip Chruthaitheach. Féachann Clár Cónaithe CAPP le hiniúchadh a dhéanamh ar shamhlacha nua rannpháirtíochta agus comhoibrithe sna healaíona agus spreagtar modheolaíochtaí agus cleachtais ealaíontóirí i gcomhthéacs a mhalartú. Féach anseo chun tuilleadh sonraí a fháil.
Suíomh gréasáin: www.ucdartinscience.com
Ríomhphost: parity.studios@ucd.ie
Eagraíochtaí Éireannacha ar éirigh leo faoin Eoraip Chruthaitheach
Dalkey Archive Press roghnaithe i gcomhair na dTionscadal Tacaíocht d’Aistriúcháin Liteartha 2016
Tacaíonn an Eoraip Chruthaitheach le haistriúchán ar litríocht na hEorpa agus lena cur chun cinn Is é an aidhm atá leis an tacaíocht seo don aistriúchán liteartha ná cur leis an eolas atá ag daoine ar litríocht agus ar oidhreacht liteartha a gcomh-Eorpach. Spreagtar go háirithe leabhair ar éirigh lena gcuid údair EUPL (Duais an AE don Litríocht) a bhaint amach a aistriú agus a chur chun cinn.
Roghnaíodh Dalkey Archive Press Ireland de bharr a dtionscadail ‘Internationalising Eastern European Literatures’ (Litríochtaí Oirthear na hEorpa a Idirnáisiúnú). Fuair Dalkey Archive Press €60,000 faoin snáithe maoinithe sin chun tacú le haistriú deich saothar ó na deich dtír seo a leanas: An tSeirbia; Montainéagró; an Pholainn, an Bhulgáir; an tSlóvaic; an Chróit; an tSlóivéin; an Tuirc; an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin; agus Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine.
Léigh tuilleadh anseo.