I nuachtlitir na míosa seo: Beidh Éire i mbun Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ón 1 Eanáir 2013 go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2013. Chun é seo a shonrú, tionólfaidh an Chomhairle Ealaíon clár speisialta i gcomhpháirt leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus le tacaíocht airgeadais ó Roinn an Taoisigh.
Thug an Chomhairle Ealaíon scéim nua isteach chun tacú le féilte agus imeachtaí. Rinneadh an t-athrú seo mar thoradh ar athbhreithniú a rinneadh ar ghnéithe struchtúir agus chórais mhaoinithe na Comhairle agus eascraíonn sé i gcomhthéacs na timpeallachta buiséadaí reatha. Beidh Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí, amhail an scéim roimhe sin, ar oscailt d’fhéilte ildisciplíneacha, féilte foirm ealaíne aonair, imeachtaí aonuaire agus sraitheanna ceolchoirmeacha. Tá trí shraith maoinithe ar fáil.
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon scéim nua le haghaidh na bhfísealaíon an mhí seo chomh maith - an Scéim Chónaitheachta do Choimeádaí Físealaíon. Is é cuspóir na scéime seo deis a thabhairt do choimeádaithe físealaíon taighde a dhéanamh agus a gcleachtas a fhorbairt, fad is a dhéanfaidh siad clár oibre bliana a chruthú i gcomhpháirt le hionaid ildisciplíneacha agus le húdaráis áitiúla. Cuimsítear Scéim Spás Oibre na bhFísealaíontóirí 2013 i nuachtlitir na míosa seo chomh maith. Cuireann Ealaíontóirí Radharcacha Éire, thar ceann na Comhairle Ealaíon, fáilte roimh iarratais ar dheontas suas le €30,000 ar a mhéid i dtreo costais reatha spásanna oibre físealaíontóirí.
Cuirimid spriocdháta Deis i gcuimhne duit fosta, is é sin 5.30in Déardaoin an 6 Meán Fómhair 2012. Is é cuspóir na scéime Deis tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail ealaíon traidisiúnta nó do thionscadail ina mbeidh lucht na n-ealaíon traidisiúnta ag saothrú i gcomhar le lucht foirmeacha eile ealaíne. Tacaíonn an scéim Deis le tionscadail aonuaire nó ghearrthéarmacha agus leo sin amháin.
Fógraímid Treoirscéim Áit an Mhargaidh - deis iontach d’ionaid agus do thionscnóirí chun cur le rannpháirtíocht tionscadal agus comhoibriú a dhéanamh maidir leo óna gcéimeanna is luaithe - atá á tionól ag ár dtionscnamh Arts Audiences. Cuirfidh Arts Audiences tús chomh maith leis an dara atriall maidir le hOiliúint ar Mhargaíocht Camchuairte dóibh siúd atá ag fáil Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair na Comhairle Ealaíon Eanáir – Meitheamh 2013.
Tá an Chomhairle Ealaíon ag nuashonrú a beartais maidir leis na hEalaíona agus Míchumas faoi láthair, chun forbairtí ó thaobh soláthar agus cleachtas de a thabhairt san áireamh, agus chun ceanglais na reachtaíochta míchumais agus comhionannais a thabhairt san áireamh go leanúnach.
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon fáilte a chur roimh ár gComhairleoir Damhsa. Is duine Í Victoria O’Brien a bhfuil an-mheas uirthi in Éirinn agus obair nó comhoibriú déanta aici le roinnt eagraíochtaí damhsa thar mhórán blianta.
Ag deireadh na nuachtlitreach tá ár n-alt rialta maidir le deiseanna Idirnáisiúnta ón (CCP) Pointe Teagmhála Cultúrtha.
Orlaith McBride,
Stiúrthóir, An Chomhairle Ealaíon