|
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Taistil agus Oiliúna atá le tabhairt isteach d’Fhéilte in 2019.
Mar fhreagairt ar an Athbhreithniú ar Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí 2017, tá áthas ar an gComhairle Ealaíon bonn taca nua d’fhéilte a fhógairt a chabhróidh leo a gcumas cláreagraithe agus eagraíochtúil trí bhíthin dámhachtainí aonair taistil agus oiliúna.
Léigh a thuilleadh >>
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon agus an Ceoláras Náisiúnta an chéad Dámhachtain Liam O’Flynn
Fógróidh an Chomhairle Ealaíon agus an Ceoláras Náisiúnta an chéad Dámhachtain Liam O’Flynn in ómós don cheoltóir atá imithe ar shlí na fírinne ag ceolchoirm sa Cheoláras Náisiúnta anocht. Is comhthionscnamh idir An Chomhairle Ealaíon agus an Ceoláras Náisiúnta é Dámhachtain Liam O’Flynn mar chuid den chomhoibriú atá ar bun acu chun na healaíona traidisiúnta a chur chun cinn, tuiscint ar na healaíona traidisiúnta a chothú agus léiriú a dhéanamh ar a thaitneamhaí atá na healaíona traidisiúnta, tá an fhéile ceoil thraidisiúnta Tradition Now mar chuid den obair seo freisin.
Léigh a thuilleadh >>
An Dámhachtain Taistil agus Oiliúna, 2019
Beifear in ann iarratas a dhéanamh ar an Dámhachtain Taistil agus Oiliúna 2019 ón 1 Nollaig 2018.
Glactar le hiarratais ar bhonn leanúnach. Moltar d’iarratasóirí atá ag lorg tacaíochta le haghaidh na ndeiseanna incháilithe go léir a n-iarratas a chur isteach chomh luath agus is féidir roimh an dáta a bhfuil sé i gceist acu dul ag taisteal, ach nach déanaí ná ceithre seachtaine roimh an dáta a bhfuil sé i gceist acu dul ag taisteal.
Léigh a thuilleadh >>
Féadfar iarratas a dhéanamh anois ar Chomhaltacht Jerome Hynes 2019/20
Féadtar iarratas a dhéanamh anois ar Chomhaltacht Jerome Hynes le haghaidh 2019/20. Tá an Chomhaltacht ar oscailt d’iarrthóirí atá ina gcónaí agus ag obair in Éirinn agus atá tiomanta dá ngairm a fhorbairt mar cheannaire cultúrtha in Éirinn. Tionscnamh de chuid Chlár Ceannaireachta Clore atá bunaithe i Londain í an Chomhaltacht. Meallann sí timpeall cúigear is fiche daoine eisceachtúla gach bliain, a bhfuil sé d’acmhainn acu ról suntasach a imirt i réimse leathan gníomhaíochtaí cultúrtha.
Léigh a thuilleadh >>
|
|
|
Peripheries: Patrick Graham, Eddie Kennedy, Sinéad Ní Mhaonaigh
Le Peripheries cuirtear i láthair triúr de na péintéirí comhaimseartha is fearr in Éirinn as trí ghlúin éagsúla – Sinéad Ní Mhaonaigh (r. 1977), Eddie Kennedy (r. 1960) agus Patrick Graham (r. 1943). John Daly, Hillsboro Fine Art, Baile Átha Cliath, coimeádaí an taispeántais ina gcuirtear i láthair saothar nua leis na healaíontóirí agus saothar a chruthaigh siad le déanaí. Déantar ceiliúradh sa taispeántas ar a bhfuil i gcoitinn eatarthu ina gcleachtas ealaíonta chomh maith le hildánacht na péintéireachta comhaimseartha.
Léigh a thuilleadh >>
An Dámhachtain Realise um Léiriúchán
Tá Dámhachtain Léiriúcháin mhór nua á fógairt agus Ionad Ealaíon Project agus ag Arts & Disability Ireland d’ealaíontóirí Amharclannaíochta agus Damhsa Comhaimseartha faoi mhíchumas.
Léigh a thuilleadh >>
Príomhstíúrthóír Cheolfhoireann Aireagail na hÉireann Ag Roinnt An Spotsolais….
Tá léirithe as cuimse curtha ar stáitse ag Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann a bhuíochas do dhraíocht Jörg Widmann agus is amhlaidh a bheidh an scéal i mí na Samhna. Stiúrfaidh Widmann Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann in SPOTLIGHT, trí cheolchoirm a thionólfar i Luimneach (UCH), Corcaigh (CIT – Cork Orchestral Society) agus i Halla na Cathrach, Port Láirge (Symphony Club of Waterford & Waterford Music) an 15, 16 +17 Samhain.
Léigh a thuilleadh >>
An Clár Scríbhneoir Cónaithe Fánaíochta 2019
Arna mhaoiniú ag ACNI agus i gcomhar le hIarnród Éireann agus Translink, tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh ár gcónaitheacht taistil uile-oileáin ag tarlú arís agus sinn ag obair le Scríbhneoir Cónaithe Fánaíochta (SCF).
Léigh a thuilleadh >>
|
|
|
|
|