 Is féidir Mine are of Trouble (grianghraf) le Declan Clarke, DVD cainéil aonair, 15.43min, 2006 ó chnuasach na Comhairle Ealaíon a fheiceáil sa Chomhairle Ealaíon, 70 Cearnóg Mhuirfean ar an Oíche Chultúir 24 Meán Fómhair 2010 |
|
|
|
 | | Imleabhar 7 Eagrán 12 | 31 Lúnasa 2010 |
|
|
Fáilte go dtí eagrán mhí Lúnasa de Nuachtlitir na Comhairle Ealaíon
An mhí seo d’eisigh an Chomhairle Ealaíon The Living and Working Conditions of Artists in the Republic of Ireland and Northern Ireland, a ndearna an Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann comhchoimisiúnú air. Nochtann an staidéar, an chéad cheann dá leithéid le deich mbliana fichead, líon na n-ealaíontóirí atá ag obair ar an oileán, agus na dúshláin atá le sárú acu agus iad i mbun na gairme atá roghnaithe acu. Múnlóidh torthaí an staidéir an chaoi a gcuirfidh an dá Chomhairle Ealaíon tacaíocht ar fáil agus na bearta a ghlacfaidh siad le feabhas a chur ar dhálaí na n-ealaíontóirí atá ag cur fúthu ar oileán seo na hÉireann. Eisíonn Lucht Féachana na nEalaíon torthaí ón Scéim Meantóireachta um na Meáin Nua trína bhfuair Ionad Ealaíon Bhalair, the Dock, Amharclann an Gate, agus Féile Ealaíon Éigse Cheatharlach meantóireacht ó Google Ireland. Fuair gach eagraíocht comhairle shaineolach ar na bealaí is fearr le húsáid a bhaint as uirlisí Google chun barr feabhais a chur ar fheidhmíocht aon eagraíochta ealaíne ar an idirlíon. Freisin san eagrán seo, fógraímid scéim nua a thabharfaidh tacaíocht do chamchuairt agus scaipeadh saothair i ngach disciplín ealaíne in 2011. Is é príomhchuspóir na scéime ná cinntiú go mbeidh rochtain ag lucht féachana ar fud na tíre ar imeachtaí ealaíne ardchaighdeáin. Fáiltíonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt, i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon, roimh iarratais ar dheontais i dtreo chostas trealaimh agus/nó feabhsúchán ar chaighdeán spásanna oibre ealaíontóirí. Tá an Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht, atá ceaptha chun tionscadail a spreagadh a chruthaíonn níos mó feasachta agus tuisceana ar an ailtireacht i measc an phobail chomh maith le taitneamh níos fearr aisti, seolta ag an gComhairle Ealaíon agus ag an an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Freisin cuirimid síntiúsóirí ar an eolas faoi dhámhachtain nua - Dámhachtain Sparánachta Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal 2010 - a bhfuil sé mar aidhm aici tacú le healaíontóirí gairmiúla aonair in aon fhoirm ealaíne atá ag obair i réimse na n-ealaíon agus daoine breacaosta. Tá eolas againn faoi thrí spriocdháta atá le teacht le haghaidh scéimeanna ceoil lena n-áirítear an Scéim Taifeadta Ceoil, an Dámhachtain um Thaibhléiriú agus Chamchuairt agus an Scéim Chaipitiúil Ceoil chomh maith le meabhrúcháin faoi spriocdhátaí do Scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga agus don Scéim um Spásanna Oibre Físealaíontóirí. Freisin fógraímid buaiteoirí Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal agus tá fógra tábhachtach againn faoin Dámhachtain Taistil agus Oiliúna. Bhí lúcháir ar an gComhairle Ealaíon cloisteáil faoin toscaireacht a roghnaíodh chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an Taispeántas Ealaíon Idirnáisiúnta, 54ú Biennale na Veinéise. Cuirfidh Emily-Jane Kirwan, a ceapadh mar choimisinéir, agus í ag obair leis an gcoimeádaí Eamonn Maxwell, saothar an ealaíontóra as Éirinn Corban Walker, i láthair. Freisin iarraimid ar ealaíontóirí agus ar eagraíochtaí ealaíon a fhaigheann maoiniú uainn cabhrú linn luach na n-ealaíon a dhearbhú. Ag deireadh na nuachtlitreach tá na hailt rialta maidir le nuacht ó phobal na n-ealaíon agus deiseanna idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha. Mary Cloake Stiúrthóir
|
|
|
1. Léiríonn staidéar na Comhairle Ealaíon na dálaí bochta maireachtála agus oibre atá ag ealaíontóirí
Léiríonn taighde nua nach bhfaigheann an gnáthealaíontóir gairmiúil atá ag cur faoi nó fúithi i bPoblacht na hÉireann ach thart faoi €14,500 in aghaidh na bliana ó chleachtadh a (h)ealaíne in ainneoin leibhéal níos airde oideachais fhoirmiúil a bheith acu ná mar atá ag an bhfórsa oibre i gcoitinne.
Léigh tuilleadh
2. Foilsíonn Lucht Féachana na nEalaíon torthaí ón taithí a fuair eagraíochtaí ar mheantóireacht a thug Google Ireland dóibh
Faoin Scéim Meantóireachta um na Meáin Nua de chuid Lucht Féachana na nEalaíon cuireadh meantóireacht ar fáil do cheithre eagraíocht ealaíon ar fud na tíre. Tá sraith tuarascálacha léirsteanacha le heagraíochtaí foilsithe anois ar shuíomh gréasáin Lucht Féachana na nEalaíon.
Léigh tuilleadh
3. Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair - 2011 (Sraith 2)
Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon scéim nua a fhógairt a thabharfaidh tacaíocht do chamchuairt agus scaipeadh saothair i ngach foirm ealaíne. Is é príomhchuspóir na scéime ná cinntiú go mbeidh rochtain ag lucht féachana ar fud na tíre ar imeachtaí ealaíne ardchaighdeáin.
Léigh tuilleadh
4. Miondeontas Caipitil um Spás Oibre d’Fhísealaíontóirí
Fáiltíonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt, i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon, roimh iarratais ar dheontais i dtreo chostas trealaimh agus/nó feabhsúchán ar chaighdeán spásanna oibre ealaíontóirí.
Léigh tuilleadh
5. Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht
Tá scéim nua seolta ag an gComhairle Ealaíon i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil a bhfuil sé d’aidhm aici rannpháirtíocht an phobail san ailtireachta a chur chun cinn.
Léigh tuilleadh
6. Dámhachtain Sparánachta Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal 2010 - na healaíona agus daoine breacaosta
Tacaíonn Dámhachtain Sparánachta Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal 2010 le healaíontóirí gairmiúla aonair in aon fhoirm ealaíne atá ag obair i réimse na n-ealaíon agus daoine breacaosta.
Léigh tuilleadh
7. Fógraítear spriocdhátaí do thrí scéim ceoil
Fógraítear na spriocdhátaí don Scéim Taifeadta Ceoil, don tríú babhta den Dámhachtain um Thaibhléiriú agus Chamchuairt agus den Scéim Chaipitiúil Ceoil.
Léigh tuilleadh
8. Meabhrúchán: Scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga 2011, babhta a haon, spriocdháta 10 Meán Fómhair 2010
Meabhraímid duit gurb é an spriocdháta i gcomhair Scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga 2011, babhta a haon, ná an 10 Meán Fómhair ag 5:30 i.n.
Léigh tuilleadh
9. Meabhrúchán: An Scéim um Spás Oibre d’Fhísealaíontóirí 2011
Meabhraímid duit gurb é an spriocdháta i gcomhair na Scéime um Spásanna Oibre Físealaíontóirí ná Déardaoin, 9 Meán Fómhair ag 5:30 i.n.
Léigh tuilleadh
10. Cinntí: Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal, an dara babhta 2010
Fógraítear na faighteoirí faoin dara babhta de Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal 2010.
Léigh tuilleadh
11. Nuashonrú: Dámhachtain Taistil agus Oiliúna 2010
Is mian leis an gComhairle Ealaíon a chur in iúl nach mbeimid in ann tacú le tuilleadh iarratas sa litríocht agus sa cheol (le haghaidh gníomhaíochtaí a bheidh ag tarlú in 2010) faoin Dámhachtain Taistil agus Oiliúna.
Léigh tuilleadh
12. Fógraítear ionadaíocht na hÉireann ag an 54ú Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta Biennale na Veinéise
Ionadaithe na hÉireann ag 54ú Biennale na Veinéise fógraithe.
Léigh tuilleadh
13. An Chomhairle Ealaíon ag iarraidh ar ealaíontóirí agus ar eagraíochtaí ealaíon cuidiú linn luach na n-ealaíon a dhearbhú
Tá an Chomhairle Ealaíon ag iarraidh ar ealaíontóirí agus ar eagraíochtaí ealaíon a fhaigheann maoiniú uaithi luach na n-ealaíon a dhearbhú.
Léigh tuilleadh
14. Nuacht ó phobal na n-ealaíon
I measc na scéalta ó phobal na n-ealaíon i Lúnasa tá: Stiúrthóir Ealaíne á lorg ag Ormeau Baths Gallery; deiseanna obair dheonach a dhéanamh ar an Oíche Chultúir (24 Meán Fómhair); cúrsa nua forbartha gairme ar fáil ó Music Network agus mar fhocail scoir meabhraímid daoibh an Deis ar Chúnamh chun Ceol a Thaifeadadh, Making Tracks, ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Axis, Baile Munna.
Léigh tuilleadh
15. Nuacht idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
Áirítear leis na scéalta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha i Lúnasa: fógra faoi Circa féile sorcais chomhaimseartha áit a mbeidh deis ag taibheoirí a saothar a chur i láthair do lucht réitithe clár; tá suíomh gréasáin nua an European Federation of Professional Circus Schools imithe beo; tá Comhairle na hEorpa ag eagrú comhdhála sa Bheilg faoin téama The Culture and Politics of Change; glaoch ar ghairmithe óga sna taibhealaíona chun freastal ar an 11ú eagrán de Les Coups de Théâtreas agus ar an 14ú eagrán den Platform arna n-óstáil ag CINARS i Montreal; gairm tograí le haghaidh deontas do ghníomhaíochtaí laistigh de Mharacó agus mar fhocail scoir, eolas faoi bhunachar sonraí nua ar líne le haghaidh sorcais agus na sráidealaíon.
Léigh tuilleadh
|
|
|
|
|