Aer Lingus chun Clár Faisnéise Cloudlands a thaispeáint
Tá sé fógartha ag Helium Arts go dtaispeánfaidh Aer Lingus Clár Faisnéise Cloudlands ar gach eitilt trasatlantach idir an 1 Meitheamh agus an 31 Iúil 2016. Rinneadh an clár faisnéise mar thoradh ar sparánacht doiciméadúcháin ó artsandhealth.ie arna maoiniú ag an gComhairle Ealaíon, ag Clár Ealaíon agus Sláinte Chorcaí agus ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sa Deisceart. Rinne Siobhan Perry an clár faisnéise, ina bhfeictear beirt déagóirí a chomhoibrigh leis an ealaíontóir Rachel Tynan a Thionscadal Cloudlands i Sráid an Teampaill.
Clár ealaíontóra chónaithe atá i dtionscadal Cloudlands a reáchtáil Helium Arts, eagraíocht ealaíon agus sláinte do leanaí. Léigh tuilleadh faoi Helium Arts agus faoi thionscadal Cloudlands ag http://www.helium.ie/programmes/artist-in-residence/cloudlands/
Amharc ar chlár faisnéise Cloudlands anseo.
|