San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Samhna dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Faighteoirí Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí 2022
Maoiniú Damhsa le haghaidh 2022
Bonn Eolais le haghaidh Todhchaí Oíche Chultúir
Clár In the Open / Faoin Spéir i mí Mheán Fómhair
Nuála Digiteacha Chláir RAISE - a bheith chun tosaigh
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon faighteoirí rathúla dhámhachtainí Reel Art i 2021
Clinic maoinithe amharclainne
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2022: Babhta 2
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Nuacht ón bPobal
CRUINNIÚ MULLAIGH FHÉILTE NA hEORPA - GAILLIMH 22-24 SAMHAIN 2021
Scoileanna Ildánacha
Comhordaitheora Réigiúnaigh agus Comhlaigh Chruthaitheacha
Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2022: Babhta 2

Tá an dara ceann de dhá bhabhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS) le haghaidh féilte a bheidh ar siúl idir mí Iúil agus mí na Nollag, 2022, fógartha ag an gComhairle Ealaíon.

Is é ról na Comhairle Ealaíon tacú le féilte ilghnéitheacha agus éagsúla agus chun slabhra tacaíochtaí maoinithe a chur ar fáil a spreagann: samhailtí a bhfuil suntasacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo agus an cleachtas is fearr, samhailtí a mhéadaíonn deiseanna do rannpháirtíocht an phobail nó a fhorbraíonn saothar ealaíontóra/foirm ealaíne, cláir féile atá ag obair leis an bpobal áitiúil, agus ábhartha dó.

Is é cuspóir Scéim Infheistíochta na bhFéilte tacaíocht a chur ar fáil d’fhéilte beaga chun a ngníomhaíocht féile a sheachadadh. Tá an Scéim ar oscailt d’fhéilte ildisciplíneacha agus d’fhéilte foirm ealaíne aonair.  

Tabhair faoi deara

  • NACH dtabharfar tosaíocht ó thaobh maoinithe de d’imeachtaí nasctha, amhail ceolchoirmeacha rathúla nó imeachtaí litríochta míosúla
  • Gur cheart duit a chinntiú, agus d’iarratas á ullmhú, go bhfuil sé bunaithe ar an treoir sláinte poiblí is déanaí atá ar fáil.
  • Go bhfuil sé riachtanach pleananna teagmhasacha i dtaobh ullmhú féile an iarratasóra a chur ar fáil le gach iarratas.

Tá trí bhanda maoinithe ar fáil:

  • Banda A: Suas le €7,000  
  • Banda B: Idir €7,001 agus €20,000
  • Banda C Idir €20,001 agus €35,000

Is féidir le heagraíochtaí a chuireann féilte chun cinn a bhfuil aidhm shoiléir ealaíonta acu, agus a bheidh ar siúl idir mí Iúil agus mí na Nollag, 2022, cur isteach ar Bhabhta 2 de Scéim Infheistíochta na bhFéilte.

D’fhéadfaí iarratais a chur isteach ó:                      An 19 Deireadh Fómhair, 2021

Spriocdháta d’iarratais:                                            An 18 Samhain, 2021 ar 5.30pm (am na hÉireann)

Dáta a dhéanfar na torthaí a fhógairt:                    Feabhra 2022

 

Is scéim iomaíoch neamh-athfhillteach í Scéim Infheistíochta na bhFéilte.

Ní mór gach iarratas a dhéanamh trí shuíomh Sheirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon anseo.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an Rannán Ceisteanna Coitianta FIS anseo

nó téigh i dteagmháil le Foireann Fhéilte na Comhairle Ealaíon ag:

Regina O’Shea: regina.oshea@artscouncil.ie, 01 6180260

Adrian Colwell: adrian.colwell@artscouncil.ie, 01 6180284