Is ar éigean atá seachtain de mhí na Nollag caite agus tá go leor déanta againn go dtí seo!
Tá an Chomhairle Ealaíon i gcroílár thionscnamh ‘Éire Ildánach’ an Rialtais, agus go háirithe an fógra a rinne an Taoiseach, Leo Varadkar, T.D., an tseachtain seo caite, in éineacht leis an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, T.D., an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D., agus an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe T.D maidir leis an gcolún ‘Óige Chruthaitheach’. Beidh níos mó sonraí againn ar an bpríomhghné de Scoileanna Ildánacha an cholúin seo, atá á seachadadh ag an gComhairle Ealaíon, go luath sa Bhliain Nua.
Freisin an tseachtain seo caite, rinne an Chomhairle a cinntí maidir leis na chéad tairiscintí ar dheontais faoinár gcreat nua maoinithe. Is iad Maoiniú Straitéiseach, Maoiniú Comhpháirtíochta, agus Maoiniú Ionad, na chéad chéimeanna i gcur i bhfeidhm ár sraith nua clár atá ceaptha chun cuidiú linn ár straitéis a chur i gcrích. Féadfaidh eagraíochtaí a bheith ag súil lena litir a fháil roimh shaoire na Nollag.
Táimid réidh anois chun an chéad chlár maoinithe eile a fhorchéimniú mar chuid dár gcreat, ar a nglaofar Maoiniú Deontais do na hEalaíona. Táimid ag súil go gcuirfidh an clár nua seo ar chumas ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon oibriú leis an gComhairle Ealaíon ar bhealaí nua. Beidh sonraí maidir leis an gclár nua seo ar fáil sna seachtainí amach romhainn, agus cuirfimid ceardlanna ar siúl i mí Eanáir, ach idir an dá linn, gheobhaidh tú cuntas sa Nuachtlitir seo.
Cuireann an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh ghairm ón Rialtas chun léirithe spéise maidir le Fardal Náisiúnta na hÉireann d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe a chur isteach.
Is clár nua maoinithe é Maoiniú Deontais do na hEalaíona a forbraíodh mar chuid de chreat nua maoinithe na Comhairle Ealaíon. Fuair an creat treoir ó na tiomantais atá leagtha síos laistigh de straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh agus tá sé deartha chun na tiomantais sin a sheachadadh.
Tugann Gradam Comharcheoil na bliana seo muid go dtí an imeall ar fad chomh fada is a bhaineann sé leis an idirghníomhú agus leis an gcaoi a bhfiosraíonn ceol traidisiúnta virtuoso (sárcheol traidisiúnta), damhsa traidisiúnta agus damhsa comhaimseartha bunús a chéile.
Tháinig ealaíontóirí stáitse na Gaeilge le chéile le déanaí chun páirt a ghlacadh i nGarraí an Ghiorria, tionscadal a thugann deis do dhrámadóirí a gcuid cleachtas a fheabhsú agus smaointe a roinnt ar a chéile.
Cuirfear Oíche Fhada an Ghearrscéil i láthair in Ionad Visual, Ceatharlach ar an 21 Nollaig 2017. Arna léiriú ag Anne Enright ina hócáid dheireanach mar Laureate, beidh na scríbhneoirí Colin Walsh, Nicole Flattery, Belinda McKeon agus Sally Rooney páirteach freisin, agus beidh freagairtí ceoil le cloisteáil ó Little John Nee.
Is clár oiliúna, malartaithe agus meantóireachta de chuid an Líonra Eorpaigh d’Ionaid Chultúrtha é an Droichead idir Ionaid Chultúrtha na hEorpa atá ar fáil do bhaill foirne na n-ionad cultúrtha.
De réir mar a fhéachann Deasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn – Oifig Cultúir chun cinn i dtreo na sprice atá ag teacht chun cinn le haghaidh Thionscadal Comhair an 18 Eanáir 2018 ba mhaith linn sracfhéachaint a chaitheamh ar dhá thionscadal atá á maoiniú faoi ghairm 2017.
Thug an Chomhairle Ealaíon Dámhachtain Cómhaoinithe isteach chun tacú le gnéithe na hÉireann de Thionscadail Chomhair na hEorpa Cruthaithí, i ndiaidh treoirthionscadail ar éirigh go maith leis in 2016.