Spriocdháta: Dámhachtainí Sparánachta, Déardaoin, an 30 Eanáir 2020
 |
Is é Déardaoin 30 Eanáir, 2020 ag 5.30pm an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Sparánachta na Comhairle Ealaíon.
Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 17 Nollaig 2019
Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Dírítear leis an dámhachtain ar an luach agus ar an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as tréimhse spriocdhírithe i mbun cleachtaidh.
Féadfaidh ealaíontóirí a bhíonn ag plé leis na cineálacha ealaíne seo a leanas iarratas a dhéanamh ar an mbabhta den Dámhachtana Sparánachta atá ag teacht aníos:
- Ailtireacht
- Sorcas
- Damhsa
- Scannán
- Litríocht (Béarla)
- Ceol
- Ceoldrámaíocht
- Sráidealaíona agus Seónna
- Amharclannaíocht
- Na hAmharc-ealaíona
-
Foilseofar treoirlínte maidir le gach dámhachtain sa rannán ar ár suíomh Gréasáin dar teideal ‘maoiniú atá ar fáil’.
Tabhair faoi deara
- Ní féidir iarratas a dhéanamh ach ar Dhámhachtain Sparánachta i gcomhair cineál ealaíne nó ar chleachtas ealaíne amháin i mbliain féilire amháin ar bith.
- Ní thig leat cur isteach ar shraith 1 den Dámhachtain Sparánachta in 2020 (spriocdháta an 30 Eanáir 2020) má bronnadh Dámhachtain Sparánachta ort sa dara sraith in 2019 (spriocdháta an 13 Meitheamh 2019).
- Ní thig leat cur isteach ar Dhámhachtain Sparánachta in 2020 má bronnadh Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile ort in 2019.
Anuas air sin, ní féidir leat iarratas a dhéanamh ach ar aon cheann amháin de na Dámhachtainí seo a leanas in 2020:
- Sparánacht, Babhta 1
- Sparánacht, Babhta 2
- Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile
- Sparánacht Markievicz
-
Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.
 |
|