San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán Mhí Feabhra dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Bain só as d’fhéile an mhí seo!
Tá spriocdháta curtha amach go dtí an 13ú Márta 2020 don phróiseis comhairliúcháin phoiblí maidir le Beartas Náisiúnta ar Ailtireacht
Buail leis an gComhairle Ealaíon
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Ensembles na nÓg 2020
Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh – Scéim Phíolótach chun Acmhainní Amharclannaíochta a Chomhroinnt
Mobility First! - Tionscnamh Soghluaiseachta Cultúrtha ASEF 2020
Nuacht ón bPobal
Deis Fostaíochta ag Music Network Riarthóir Clár
Stiúideonna Ealaíontóirí le Fáil ar Cíos
Scoileanna Ildánacha
Deis do Chomhlaigh Chruthaitheacha
Scoileanna Ildánacha – ag cur fáilte roimh iarratais ó scoileanna as gach cearn den tír
Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh – Scéim Phíolótach chun Acmhainní Amharclannaíochta a Chomhroinnt

Faoi thionchar na bpríomhchuspóirí i mbeartas straitéise agus amharclannaíochta na Comhairle Ealaíon Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh agus tar éis próiseas comhairliúcháin, tá lúcháir orainn iarratais a lorg ar thairiscintí chun tacaíochtaí nuálacha agus ealaínbhunaithe a fhorbairt d’fhonn sárshaothar a chruthú san earnáil amharclannaíochta neamhspleáiche.  Beimid ag glacadh le hiarratais ón 10 Márta, agus is é an 9 Aibreán 2020 an spriocdháta.

 

Tuigimid gur iomaí agus gur éagsúil na scileanna a theastaíonn chun amharclannaíocht den chéad scoth a chruthú, agus cé go mbíonn an fhís chruthaitheach á treorú, bíonn tacaíocht bhuan chomhoibríoch de dhíth chun an tsármhaitheas a bhaint amach. Tá cur chuige úr fuinniúil á lorg leis an tionscadal píolótach seo chun an comhthéacs a fhorbairt agus a chruthú ina dtiocfadh sárshaothar ábhartha faoi bhláth. Mar thionscadal píolótach, iarrfar ar an iarratasóir/na hiarratasóirí a n-éireoidh leis/leo obair i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon chun bonneagar comhoibríoch a chruthú agus a mheas, bonneagar a chuireann barr feabhais ar na hacmhainní atá ann agus a chuireann an dea-chleachtas chun cinn i bhforbairt, i léiriú agus i scaipeadh na hearnála amharclannaíochta neamhspleáiche ar fud na hÉireann.

 

Déanfar iarratais a mheas ó ealaíontóirí gairmiúla amharclannaíochta* agus/nó ó aonáin chomhoibríocha atá in ann dea-theist sa léiriú amharclannaíochta a thaispeáint agus comhpháirtíochtaí saineolais le heagraíocht amháin ar a laghad a fhaigheann maoiniú Straitéiseach, Comhpháirtíochtaí nó Ionad Ealaíon na Comhairle Ealaíon ag a bhfuil dea-theist shuntasach acu i léiriú agus i dtaibhiú amharclannaíochta do lucht féachana e.g. cuideachtaí léiriúcháin, féilte, Ionaid Ealaíon. 

 

Tabhair faoi deara: D’fhéadfaí nach iad na heagraíochtaí a fhaigheann maoiniú Straitéiseach, Comhpháirtíochta nó Ionad Ealaíon na príomh-iarratasóirí. Mar sin féin, ní mór go mbeadh tacaíocht ag iarratais faoin gclár seo ó eagraíocht amháin ar a laghad a fhaigheann maoiniú ón gComhairle Ealaíon.

 

*Sainmhínithe chun críche na scéime seo

Ealaíontóir gairmiúil amharclannaíochta: aon duine aonair atá ag saothrú mar ealaíontóir gairmiúil i gcáil chruthaitheach i gcomhthéacs na hamharclannaíochta, agus atá aitheanta sa cháil sin ag a p(h)iaraí. D’fhéadfadh stiúrthóir, déantóir amharclannaíochta, aisteoir, drámadóir, dearthóir, léiritheoir cruthaitheach nó aonán léiriúcháin nach bhfaigheann Maoiniú Straitéiseach a bheith i gceist anseo.

 

Déanfar cinntí in dhá chéim. Déanfar iarratais a mheas agus a luacháil le linn chéim 1. Tabharfar cuireadh d’iarratasóirí ar an ngearrliosta mar thoradh ar an gcéim seo a dtogra a chur i láthair. Táimid ag súil go dtarlóidh an dara céim seo i mí Iúil 2020.

 

Féadfar cur isteach ar mhaoiniú go huasmhéid €250,000 in aghaidh na bliana thar imeacht dhá bhliain.  Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin ó dhaoine aonair nó ó aonáin nó eagraíochtaí comhoibríocha nach bhfaigheann maoiniú Straitéiseach, Comhpháirtíochta nó Ionad Ealaíon na Comhairle Ealaíon.  Beidh treoirlínte ar fáil ar an leathanach Maoiniú ar Fáil ar ár suíomh gréasáin go luath i mí an Mhárta 2020 http://www.artscouncil.ie/ga/Maoiniu/Maoiniu-ar-fail/

Reáchtálfar clinic faisnéise sa Chomhairle Ealaíon ar an 4 Márta 2020. Léirigh do spéis le do thoil trí ríomhphost a sheoladh chuig Elaine.Connolly@artscouncil.ie.