San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán Mhí Feabhra dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Stiúrthóir um Fhorbairt Straitéiseach
EALAÍN: 2016
Foilsíonn an Chomhairle Ealaíon Tuarascáil ar Thraidisiún na Cruitireachta in Éirinn
Clinic Faisnéise maidir le Dámhachtainí Tionscadail na Comhairle Ealaíon
SPLANC!
Deontais agus Dámhachtainí
Dámhachtain um Léiriúchán Ceoldráma 2017
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Babhta 2 de Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí 2016
Nuacht ón bPobal
Nuacht ón bPobal
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Nuacht ón bPobal

Tunes in the Church – deis nua i mBaile Átha Cliath do dhamhsóir ar an sean-nós

 

Mar gheall ar chomh maith is a d’éirigh leis i nGaillimh, tá Tunes in the Church ag seoladh sraith ceolchoirme san Eaglais Úinitéireach, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath. Tá an lucht eagraithe ar thóir láithreora agus damhsóra ar an sean-nós chun sraith Bhaile Átha Cliath a óstáil. Má tá suim agat sa ról, líon isteach an nasc clárúcháin ealaíontóra anseo: http://tunesinthechurch.com/artists-registration.html

 

Má bhíonn ceist ar bith agat, cuir ríomhphost chuig: info@tunesinthechurch.com

 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Tunes in the Church:

Snapchat: TunesinChurch

Twitter: @TunesinChurch

Instagram: tunesinthechurch

 

http://tunesinthechurch.com/dublin-tunes-in-the-church.html


Comhdháil do Cheoltóirí i gCorcaigh mar chuid d’imeachtaí Chraobh Bhonn Óir Seán Ó Riada.
Dé hAoine 5 Feabhra beidh fliúiteadóirí agus ceoltóirí ar an bhfeadóg stáin san iomaíocht sa chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada 2015, a bheidh á craoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus i mbliana den chéad uair beidh ócáid nua, Comhdháil na gCeoltóirí, ar siúl freisin mar chuid d’imeachtaí an deireadh seachtaine in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh. 

Beidh Comhdháil na gCeoltóirí ar siúl san óstán Dé Sathairn ó 2 pm go 5 pm, agus beidh réimse cainteoirí ó thionscal an cheoil páirteach ann agus iad ag cur comhairle ar cheoltóirí traidisiúnta maidir le cúrsaí maoinithe, poiblíochta, árachais, cóipchirt, margaíochta agus foilsitheoireachta, i measc rudaí eile.  Beidh ionadaithe ó IMRO, An Chomhairle Ealaíon agus Gael Linn i measc na gcainteoirí.  €5 an cead isteach, agus ba cheart do dhaoine go bhfuil spéis acu freastal ar an ócáid é sin a chur in iúl tré ríomhphost a sheoladh chuig claru@cuireadhchunceoil.ie
Is iad urraithe an deireadh seachtaine RTÉ Raidió na Gaeltachta, Iontaobhas Fódhla, Gael Linn, Rochestown Park Hotel, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, IMRO, Ealaín na Gaeltachta agus GaelTaca.

Tuilleadh eolais: http://www.rte.ie/rnag/articles/sceala/2016/0125/762821-comhdhail-na-gceoltoiri-the-musicians-congress

 

Newsletter Marketing Powered by Newsweaver