Spriocdháta: An Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair – Eanáir go Meitheamh 2016
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas i gcomhair camchuairteanna a thosóidh idir Eanáir agus Meitheamh 2016 ná Déardaoin an 7 Bealtaine 2015. Beidh fáil ar fhoirmeacha iarratais agus ar threoirlínte ar líne ón 7 Aibreán 2015. Fearacht an scéil i mbabhtaí na scéime sin roimhe seo, tig le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh ar chamchuairteanna thuaidh/theas chomh maith.
Cuirfear na tosaíochtaí céanna agus na critéir chéanna i bhfeidhm sa dá dhlínse, agus ní mór go dtaispeánfar sna hiarratais, mar is amhlaidh faoi láthair, comhcheangal oibre idir léiritheoirí agus ionaid.
Is í an Chomhairle Ealaíon a dhéanfaidh an riarachán go léir a bhaineann leis an scéim seo agus is féidir aon cheist ginearálta a chur chuig val.ballance@artscouncil.ie.
Is é spriocdháta na scéime seo Déardaoin, an 7 Bealtaine 2015 ar 5.30pm
|