Buail leis na Comhlaigh Chruthaitheacha
Tá dlúthbhaint ag an 47 Comhlach Cruthaitheach le rath an tionscnaimh Scoileanna Ildánacha agus beidh siad ag oibriú i gcomhpháirtíocht le scoileanna fud fad na tíre. Tá anailís á déanamh acu le chéile ar rannpháirtíocht reatha na scoile sna healaíona agus sa chruthaitheacht chun fís agus plean inbhuanaithe i gcomhair Scoil Ildánach a fhorbairt. Tacaíonn na Comhlaigh Chruthaitheacha leis an scoil chun deiseanna ealaíon agus cruthaitheacha a threisiú do leanaí agus do dhaoine óga ina scoileanna agus chun a gcruthaitheacht a fhorbairt chomh maith. Tarraingeoidh Pleananna Scoile i gcomhair Scoil Ildánach ar an raon deiseanna sa scoil agus sa phobal níos leithne.
Má tá deiseanna agat gur mhaith leat a roinnt leis na scoileanna agus leis na Comhlaigh Chruthaitheacha a oibríonn leo, téigh i dteagmháil leis an gComhlach Cruthaitheach cuí trínár suíomh gréasáin.
http://www.artscouncil.ie/creative-schools/creative-associates/
|