I nuachtlitir na míosa seo, cuireann an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh Laureate nua na nÓg, Niamh Sharkey. Bunaíodh an post agus an gradam -- Laureate na litríochta do leanaí in Éirinn -- le cur le rannpháirtíocht na ndaoine óga i litríocht ardchaighdeáin don aos óg agus chun béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le litríocht do leanaí inár saol cultúrtha agus samhlaíoch. Tá Niamh Sharkey ar dhuine de na húdair agus na maisitheoirí is mó éilimh sa tír, agus fuair sí bonn mar Laureate na nÓg ó Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, ag ócáid speisialta in oifigí na Comhairle Ealaíon ag 70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath.
Tá réamhfhógra againn maidir leis na spriocdhátaí atá ag druidim linn. Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de na Dámhachtainí Sparánachta ná Déardaoin an 12 Iúil 2012 ag 5.30 i.n. Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtain Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Beidh muid ag óstáil clinicí faisnéise maidir leis na dámhachtainí Sparánachta. Tabharfar comhairle agus eolas faoin bpróiseas iarratais ag na clinicí sin, atá dírithe ar ealaíontóirí ar mhaith leo cur isteach ar na Dámhachtainí Sparánachta. Ba mhaith linn d’aird a dhíriú freisin ar Scéim na nDámhachtainí Ealaíon agus Míchumais 2012, arb é 4.00 i.n. ar an an gCéadaoin an 15 Lúnasa 2012 an spriocam ina leith. Lena chois sin, is é an Déardaoin 28 Meitheamh 2012 ag 5.30 i.n. an spriocdháta chun iarratais a bheith faighte i gcomhair na Scéime Comhpháirtíochta Áitiúla (den tsraith a bhaineann le hÉagsúlacht Chultúrtha agus na hEalaíona)
Fógraímid cinntí sa nuachtlitir freisin: tá an Chomhairle Ealaíon tar éis sonraí na bhfaighteoirí rathúla a fhógairt faoi bhabhta a dó de Scéim na bhFéilte Beaga don bhliain 2012. Lena chois sin fógraímid cinntí maidir le Babhta a hAon 2012 de Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal, atá á bainistiú ag Create.
Tá mórchuid eolais againn maidir le Arts Audiences. Áirítear leis seo go bhfuil deireadh tagtha le céad bhliain ‘Here and Now’, faisnéis faoi Google & na hEalaíona, seisiún Faisnéise agus clinic lae ar an 20 Iúil, agus tuilleadh faoin gClár Forbartha Lucht Féachana 2012.
Agus déanaimid ceiliúradh ar an Lá Ceoil: Cuireann Music Network agus RTÉ lyric fm Lá Ceoil, ceolchoirm shaor in aisce, ar fáil ar an Déardaoin an 21 Meitheamh mar chuid de cheiliúradh love:live music le haghaidh Lá Idirnáisiúnta an Cheoil.
Ag deireadh na nuachtlitreach tá na hailt rialta uainn maidir le Nuacht ó Phobal na nEalaíon agus deiseanna idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha.
Orlaith McBride,
Stiúrthóir,
An Chomhairle Ealaíon