An SCÉAL IS DÉANAÍ MAIDIR LE SCÉIMEANNA AMHARCLANNAÍOCHTA
Ní bheidh babhta Scéimeanna Amharclannaíochta ar siúl i mí Aibreán ar aon dul leis na bearta nua amharclannaíochta atá á bhforbairt i mbliana. Tá na scéimeanna seo (Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóir Amharclannaíochta, Scéim um Fhorbairt Amharclannaíochta agus an Scéim um Chomhroinnt Acmhainní Amharclannaíochta) á n-athbhreithniú faoi láthair chun teacht leis na tosaíochtaí beartais a bhaineann le Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, agus é mar aidhm leis an athrú seo tacaíochtaí níos fearr a chur ar fáil do léiriú agus do chur i láthair amharclannaíochta.
Foilseoimid sonraí ár gcuir chuige nua a luaithe is a gcuirtear iad chun críche. Coinnigh súil ar ár Nuachtlitreacha amach anseo agus ar na meáin shóisialta chun sonraí a fháil a luaithe agus a dheimhnítear iad.
|