Comhaltacht Scríbhneora Ollscoil Luimnigh
Ollscoil Luimnigh Comhaltacht Scríbhneora Scoil/Dámh Roinn na Scríbhneoireachta Cruthaithí, Ollscoil Luimnigh Spriocdháta: Dé hAoine an 8 Lúnasa 2014 Cuirtear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí de cháil idirnáisiúnta atá lonnaithe i Luimneach ar Chomhaltacht Scríbhneora (agus béim faoi leith ar an bhficsean), arna maoiniú Ollscoil Luimnigh agus trí chúnamh deontais ón gComhairle Ealaíon. Beidh an Chomhaltacht ar fáil don tréimhse Eanáir-Bealtaine 2015. Iarrtar ar iarrthóirí litir chumhdaigh ina leagtar amach a spéis, mar aon le CV iomlán ina luafar ainmneacha agus sonraí teagmhála 2 mholtóirí, a chur isteach chuig: An tOllamh Joseph O’Connor, Cathaoir na Scríbhneoireachta Cruthaithí in ómós Frank McCourt, faoi bhráid Claire.Ryan@ul.ie Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas tráth nach déanaí ná 17.00 Dé hAoine, an 8 Lúnasa 2014.
|