Wicklow ScreenDance Laboratory - Cóiréagrafaithe na hÉireann ag Bogadh go dtí an Scáileán – Glao ar aighneachtaí
29 Márta – 3 Aibreáin 2021
Fógraíonn Wicklow Screendance Laboratory (WSL) glao ar chóiréagrafaithe atá lonnaithe in Éirinn a raibh orthu a gcuid oibre a aistriú ó stiúideo beo nó stáitse go dtí meán na scannánaíochta/ na físe le linn phaindéim Covid 19 in 2020. Roghnófar suas le triúr cóiréagrafaithe chun páirt a ghlacadh in imeacht coimeádaithe le linn fhéile WSL in Aibreán 2021.
Ba chóir comhaid físe a chur isteach chuig hannah.slattery31@gmail.com tráth nach déanaí ná 5in an 5 Feabhra, 2021. Níor chóir go mbeadh na haighneachtaí níos faide ná 15 nóiméad agus is féidir roinnt físeán gearr a bheith iontu, nó píosa níos faide - ach ba cheart go léireodh siad cleachtas oibre reatha an chóiréagrafaí.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus sonraí faoi iarratas a dhéanamh, téigh chuig https://www.screendance.ie/upcoming.
|