Is é 5:30pm Déardaoin, an 6 Deireadh Fómhair 2016 an dáta deiridh le haghaidh Scéim na bhFoilseachán /Teideal ar Theideal 2017.
 |
Osclóidh Scéim na bhFoilseachán /Teideal ar Theideal 2017 i gcomhair iarratas Dé Máirt, an 6 Meán Fómhair 2016.
Scéim na bhFoilseachán/Teideal ar Theideal 2017
Spriocdháta: 5.30pm, 6 Deireadh Fómhair 2016
Is é príomhaidhm na scéime seo cabhrú le foilsitheoirí na hÉireann teidil, foilseacháin agus irisí litearthachta ardchaighdeáin a tháirgeadh in 2017. Beidh foilsitheoirí i dteideal cur isteach ar thacaíocht airgeadais maidir le teidil sna réimsí seo a leanas: ficsean, neamhfhicsean cruthaitheach, litríocht do leanaí agus do dhaoine fásta óga, filíocht, úrscéalta grafacha, leabhair phictiúr mhaisithe, léirmheastóireacht ealaíon, agus beathaisnéisí agus dírbheathaisnéisí na n-ealaíon comhaimseartha agus beathaisnéis ealaíne. Tá foilsitheoirí ríomhleabhar agus irisí liteartha ar líne nó irisí liteartha clóite i dteideal iarratas a dhéanamh freisin. Is é an 6 Deireadh Fómhair 2016 an dáta deiridh le cur isteach ar an scéim seo agus beidh na sonraí go léir ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon anseo i lár mhí Lúnasa. I gcomhair tuilleadh faisnéise téigh i dteagmháil le Jennifer Lawless, Oifigeach Litríochta ag jennifer.lawless@artscouncil.ie
 |
|