Glao ar thairiscintí: Bosca Uirlisí Digiteacha
Tá tairiscintí á lorg ag an gComhairle Ealaíon ó sholáthróirí seirbhísí oiliúna, nó ó chuideachtaí a oibríonn leis na meáin, chun Bosca Uirlisí Digiteacha a chruthú do ghairmithe na n-ealaíon lena ndéanfar an dea-chleachtas sa táirgeadh agus sa scaipeadh digiteach a chur chun cinn. Cuirfear an Bosca Uirlisí Digiteacha ar fáil saor in aisce don phobal ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon agus bainfear úsáid as mar áis oiliúna do dhaoine a bhfuil leibhéil thaithí éagsúla acu.
22 Eanáir 2021 an spriocdháta le haghaidh iarratas.
Chun na sonraí go léir a fháil maidir leis an nglao ar thairiscintí, téigh chuig an suíomh gréasáin eTenders ag an nasc seo a leanas: https://irl.eu-supply.com/ctm/Supplier/PublicPurchase/180113/0/0?returnUrl=ctm/Supplier/publictenders&b=ETENDERS_SIMPLE
|