San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Iúil dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
EALAÍN: 2016: Clár na Comhairle Ealaíon mar chuid d’Éire 2016
Aird á dhíriú ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn ar ‘Ceird an Taighde’ mar chuid den fheachtas #LoveIrishResearch
Deontais agus Dámhachtainí
Clinic Eolais le haghaidh Sparánachtaí Litríochta
Dámhachtainí Tionscadail Spriocdháta
Nuacht ón bPobal
Cuireann UCD fáilte roimh iarratais ar dhá ánracht scríbhneoireachta cruthaithí
Cuireann Music Generation fáilte roimh iarratais ar phost mar Bhainisteoir Tacaíochta agus Forbartha
Dámhachtainí Tionscadail Spriocdháta

Dámhachtainí Tionscadail – spriocdháta: 5.30pm, Déardaoin an 18 Lúnasa 2016

Déanfaidh an Chomhairle Ealaíon na dámhachtainí Tionscadail seo a leanas a thairiscint

• Dámhachtain do Thionscadal Damhsa
• Dámhachtain do Thionscadal Ceoil
• Dámhachtain do Thionscadal Ceoldrámaíochta
• Dámhachtain do Thionscadal Téatair
• Dámhachtain do Thionscadal sna hEalaíona Traidisiúnta
• Dámhachtain do Thionscadal Físealaíon

Trí na Dámhachtainí Tionscadail de chuid na Comhairle Ealaíon, tacaítear le gníomhaíochtaí tionscadail ar leith maidir le gach foirm ealaíne agus gach cleachtas ealaíon thuas. Is féidir na treoirlínte dámhachtana do gach dámhachtain a íoslódáil ón rannán maoiniú atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon.

Is é an spriocdháta le haghaidh gach ceann de na dámhachtainí thuas ná 5.30pm, Déardaoin an 18 Lúnasa 2016. Ní ghlacfar le hiarratais ach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon agus ní mór an t-ábhar tacaíochta ar fad a sheoladh isteach ar líne. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras roimhe seo clárú roimh ré sula ndéanfaidh siad iarratas. D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula ndearbhófar do chuid clárúchán, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir.

Cuirimid nuashonruithe agus cabhair ar fáil anois maidir le seirbhísí ar líne a úsáid trínár leathanach Facebook nua. Tá fáilte romhat teachtaireacht a sheoladh chugainn tríd an leathanach má theastaíonn cúnamh uait le seirbhísí ar líne agus iarratas á dhéanamh agat ar Dhámhachtain Tionscadail. 

Tá na dámhachtainí oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí. Ní bheidh eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú faoi aon cheann de phríomhchláir deontais na Comhairle Ealaíon (Eagraíochtaí a Mhaoinítear Go Rialta, Maoiniú Bliantúil, Deontas le haghaidh Clár Bliantúil) i dteideal cur isteach ar na dámhachtainí, áfach.

Newsletter Marketing Powered by Newsweaver