San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Aibreáin dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Clinicí faisnéise ar dhámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon don bhliain 2019
Fógraíonn Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon Gairmeacha Oscailte ar Léirithe Spéise le haghaidh an 17ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta, La Biennale di Venezia, 2020.
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair Dámhachtain Coimisiún – 5.30 pm, Déardaoin, 2 Bealtaine 2019
Spriocdháta Nua le haghaidh Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2020 – Babhta 1
Spriocdháta: Dámhachtainí Sparánachta Déardaoin, 13 Meitheamh 2019
Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Nuacht ón bPobal
Uillinn: Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí
Bingo Wings
Áras na Scríbhneoirí: Nuashonrú
Fógraíonn Fishamble an dráma a roghnaíodh i gcomhair A Play For Ireland
FRESH STREET#3 | Seimineár Idirnáisiúnta ar Fhorbairt na nEalaíon Sráide i nGaillimh
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Treoirscéim Soghluaisteachta d’Ealaíontóirí agus do Ghairmithe Cultúir ó mhí Aibreáin 2019!
Deasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn le bheith ag Comhdháil Chumann Leabharlann na hÉireann, 2019
An Eoraip Chruthaitheach ag tacú leis an bhFéile Big Bang a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ón 5–7 Aibreán
Tionscadail atá á maoiniú ag an Eoraip Chruthaitheach
Memory of Water (Ormston House)
PUSH+ (The Ark)
Make a Move (Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe)
A Woman’s Work (Dánlann na Grianghrafadóireachta)
Áras na Scríbhneoirí: Nuashonrú

Writing for a Change: Comórtas Splancfhicsin – Sárthaispeántas

D’eagraigh Áras na Scríbhneoirí comórtas Splancfhicsin agus Neamhfhicsin Chruthaithigh, agus Athrú Aeráide mar théama leis, i gcomhpháirt le Garraithe Náisiúnta na Lus agus le Five Lamps Arts Festival, agus is cúis mór áthais dó sárthaispeántas a fhógairt ag a léifidh na buaiteoirí a gcuid saothar mar aon leis na scríbhneoirí coimisiúnaithe Gavin CorbettE. R. Murray agus Orna Ní Choileáin.

Bí linn don oíche speisialta seo le léamha ó na ceathrar buaiteoirí: léifidh beirt i nGaeilge, agus duine amháin díobh thar 30 bliain d’aois agus an duine eile díobh faoi 30 bliain d’aois, agus léifidh beirt i mBéarla chomh maith, agus duine amháin díobh thar 30 bliain d’aois agus an duine eile díobh faoi 30 bliain d’aois chomh maith. Is imeacht saor in aisce é seo, ach bheimis an-bhuíoch as aon síntiús a thabharfá. Rachaidh aon síntiús chuig Áras na Scríbhneoirí chun cur le glaise agus le hinbhuanaitheacht na heagraíochta.

Dáta: Déardaoin, 4 Aibreán 2019

Am: 7.30 p.m.

Láthair: Garraithe Náisiúnta na Lus, Baile Átha Cliath 9.

Cuir do shuíochán in áirithe anseo:

 

Cuir saothar isteach chuig Aonach Úrscéalta 2020

 Sheol Áras na Scríbhneoirí Aonach Úrscéalta 2020 agus táthar ag glacadh le hiarratais anois don naoú bliain den chomórtas spreagúil seo.

Rinne The Irish Times cur síos ar an Aonach Úrscéalta mar 'Dragon's Den na scríbhneoirí’; is tionscnamh de chuid Áras na Scríbhneoirí é a bhfuil sé mar aidhm aige scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn a chur in aithne do na foilsitheoirí agus na gníomhairí liteartha is fearr, ag tabhairt deis d’úrscéalaithe a streachailt a bhíonn ag scríbhneoirí nua a sheachaint, a smaointe a chur in iúl agus a n-achoimrí agus a gcaibidlí samplacha a chur faoi bhráid na bhfoilsitheoirí agus na ngníomhairí sin.

Spriocdháta: Dé hAoine, 27 Meán Fómhair 2019 ag a 5:00 p.m.

Tá sonraí faoin aonach agus faoi conas iarratas a dhéanamh ag: https://irishwriterscentre.ie/products/submit-to-novel-fair-2020

 

The Best Banned in the Land – Fóram ar Shaoirse Léirithe Ealaíonta

Mar a dúirt Brendan Behan: cuireadh cosc ar shaothair na scríbhneoirí Éireannacha is fearr am éigin. Ó James Joyce chuig Edna O’Brien, níor éalaigh aon duine de na scríbhneoirí ba mhó ó chumhacht an chinsire. Bí linn agus le leor ealaíontóirí agus gníomhaithe eile chun machnamh agus scrúdú a dhéanamh ar ról na cinsireachta. 

Tá an chinsireach i mbéal an phobail arís mar gheall gur ordaíodh múrphictiúr ‘Repeal the 8th’ de chuid Maser a bhaint. An bhfuil teorainn le saoirse an léirithe ealaíonta in Éirinn? An gcruthaíonn cúrsaí amhail maoiniú, cur chun cinn, teorainneacha sna meáin shóisialta agus leithcheal cúinsí ina gcaithfear féinchinsireacht a dhéanamh? Bí inár dteannta ag Ionad Ealaíon Project, Dé Mháirt, 30 Aibreán don fhóram seo ar shaoirse léirithe ealaíonta. Áirítear i measc na n-aíonna Compántas Amharclannaíochta Be Aware, Lian BellDonal FallonDeclan LongUna Mullally, agus fógrófar tuilleadh ainmneacha ar ball. Cuirfear lón éadrom ar fáil.

Tá an imeacht seo á reáchtáil mar thoradh ar chomhoibriú idir an Chomhairle um Chearta an Duine, Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Éigse Éireann, Cuallacht Scríbhneoirí na hÉireann agus Ionad Ealaíon Project. Tá an tionscadal á urrú go flaithiúil ag Cathair Litríochta UNESCO Bhaile Átha Cliath. 

Dáta: Dé Máirt, 30 Aibreán

Am: 11:00 a.m. – 4:00 p.m.

Láthair: Project Arts Centre

Tá tuilleadh faisnéise agus ticéid ar fáil ag an nasc seo a leanas:

Dublin One City One Book – The Country Girls – Plé Painéil

Óstálfaidh Áras Scríbhneoirí na hÉireann plé painéil saor in aisce le Colm Keegan agus an tOllamh Margaret Kelleher mar chuid One City One Book le Cathair Litríochta UNESCO Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.  

 Bí i dteannta Choilm Keegan agus an Ollaimh Margaret Kelleher i gcomhair plé an-bheomhar idir an bheirt daoine mór le rá seo i saol liteartha Bhaile Átha Cliath. Pléifear ábhair amhail an bealach a ndearnadh cur síos ar an lucht oibre i scríbhneoireacht go traidisiúnta; scríbhneoirí an lucht oibre agus ceisteanna sóisialta; an bealach a gcuireann scríbhneoirí aicme in iúl ina scríbhneoireacht féin; an t-athrú ar dhearcthaí i leith na haicme de réir mar a léirítear na hathruithe sin i scríbhneoireacht an lae inniu; agus cá mhéid a bhfuil scoilt fós ann idir muintir na cathrach agus muintir na tuaithe. Beidh neart ama ann le ceisteanna agus freagraí chomh maith.

Dáta: Dé Sathairn, 13 Aibreán

Am: 3:15 p.m. – 4:45 p.m.

Láthair: Áras na Scríbhneoirí

Tá tuilleadh faisnéise agus ticéid ar fáil ag an nasc seo a leanas:

https://www.eventbrite.ie/e/one-city-one-book-panel-discussion-class-divides-in-irish-society-past-and-present-with-colm-keegan-tickets-57511027030