Cúis mhór áthais don Chomhairle Ealaíon an mhí seo ab ea fáilte a chur roimh cheapadh Harry Clifton mar chéad shealbhóir eile Chathaoir Filíochta na hÉireann. Tá an clú atá ar Chathaoir Filíochta na hÉireann ag dul i méid le blianta beaga anuas, rud a mheallann lucht féachana mór agus a spreagann grá don fhilíocht i measc mic léinn agus an phobail i gcoitinne. Bhí an Taoiseach, Brian Cowen, i gceannas ar imeacht i mí Iúil chun an ceapachán a cheiliúradh.
Comhpháirtíocht idir an Chomhairle Ealaíon agus Iontaobhas Cultúrtha Bharra an Teampaill is ea Lucht Féachana na nEalaíon agus d’fhoilsigh an eagraíocht cuntas an mhí seo ar an leibhéal freastail atá ar imeachtaí ealaíon in Éirinn. Rinne an Chomhairle Ealaíon coimisiúnú ar an tuairisc ag úsáid sonraí ón Target Group Index, an staidéar is mó a dhéantar ar iompar tomhaltóirí in Éirinn gach bliain. Léirítear go bhfuil freastal cumasach á dhéanamh ar imeachtaí ealaíon.
Tá faisnéis againn freisin faoi na spriocdhátaí maoinithe i gcomhair roinnt scéimeanna agus clár:
Tá Scéim na bhFéilte Beaga 2011 ar fáil d'eagraíochtaí a dhéanann comhordú ar fhéilte nó ar imeachtaí a bhfuil cuspóir soiléir ealaíonta acu agus a chuireann chun cinn iad. Tá an scéim seo i gcomhair féilte a bheidh ar siúl i gcaitheamh na bliana féilire 2011.
Tá na Dámhachtainí Tionscadail ar fáil do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí le haghaidh gníomhaíochtaí atá le tarlú in 2011.
Camchuairteanna - fógraíodh scéim nua chamchuairteanna agus scaipthe i gcomhair na bliana 2011 ina bhfuil béim láidir á cur ar fhorbairt luchtanna féachana agus éisteachta.
Tá maoiniú á cur ar fáil don tréimhse 2010-2011 i gcomhair treoirscéimeanna téatair agus damhsa - Cónaitheacht d’Ealaíontóir Damhsa, Cónaitheacht d’Ealaíontóir Téatair, Maoiniú i gcomhair Forbairt an Téatair agus i gcomhair Comhroinnt Acmhainní Téatair.
Fógraítear an clár nua deontas, Spásanna Oibre Físealaíontóirí, a bhfuil sé d’aidhm aige cabhrú le grúpstiúideonna an timpeallacht is fearr is féidir a sholáthar d’fhísealaíontóirí.
Ní fada uainn an spriocdháta i gcomhair an chéad bhabhta eile de na Dámhachtainí Ealaíon agus Míchumais 2011. Is éard atá sa dámhachtain seo ná córas tiomnaithe deontas i gcomhair ealaíontóirí atá bodhar nó míchumasaithe agus í á bainistiú ag an Arts and Disability Forum thar cheann dhá Chomhairle Ealaíon na hÉireann.
Lena chois sin d’fhógair an Chomhairle cinntí maoinithe i gcomhair na Scéime Comhpháirtíochta Áitiúla 2010 i gcaitheamh na míosa seo. Ceapadh an scéim seo chun comhpháirtíochtaí agus comhoibrithe nua a spreagadh idir údaráis áitiúla, eagraíochtaí ealaíon agus grúpaí nó eagraíochtaí ábhartha eile. Fógróimid freisin sonraí faoi cé a gheobhaidh cabhair ón Scéim Deis.
Ag deireadh na nuachtlitreach tá na hailt rialta maidir le nuacht ó phobal na n-ealaíon agus deiseanna idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha.
Mary Cloake
Stiúrthóir