The Arts Council Website
San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mhárta dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Luach Saothair don Ealaíontóir
Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh – Scéim Phíolótach chun Acmhainní Amharclannaíochta a Chomhroinnt
Clár RAISE - FORBAIRT ACMHAINNE INFHEISTÍOCHTA PRÍOBHÁIDÍ - Fógraítear Céim 2.
Clinicí faisnéise ar dhámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon don bhliain 2020
Deontais agus Dámhachtainí
An Dámhachtain Coimisiún, an chéad spriocdháta eile – 5:30 p.m, Déardaoin, 30 Aibreán 2020
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta don Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa, 2020
An Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Amharclannaíochta
Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Spriocdháta: Maoiniú Deontais do na hEalaíona, 2021
An chéad spriocdháta eile do Reel Art – 17:30 Déardaoin,14 Bealtaine 2020
Nuacht ón bPobal
Tá WESTIVAL ag lorg STIÚRTHÓIR FÉILE. Buaiteoir Dhámhachtana Féilte na hÉireann 2019 don ‘Fhéile Bheag is Fearr’.
PAINÉAL TEAGASCÓIRÍ CEOIL
Riarthóir Music Generation
Scoileanna Ildánacha
Deis do Chomhlaigh Chruthaitheacha
Scoileanna Ildánacha – ag cur fáilte roimh iarratais ó scoileanna as gach cearn den tír
Arts Council RSS
Cartlann
Déan Teagmháil linn

Spriocdháta le haghaidh nuachta agus tuairimí Dé Céadaoin, Feabhra 19

.

.

.

.

editor@artscouncil.ie

Liostáil

 

Liostáil

Nascanna Úsáideacha

Comhairle Ealaíon Leathanach baile

Foireann na Comhairle Ealaíon

Baill na Comhairle Ealaíon

cinntí déanaí

Nuacht na míosa seo
Luach Saothair don Ealaíontóir

Seolann an Chomhairle Ealaíon a beartas nua maidir le luach saothair agus conraitheoireacht chóir chothrom ealaíontóirí.  



Léigh a thuilleadh >>




Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh – Scéim Phíolótach chun Acmhainní Amharclannaíochta a Chomhroinnt

Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh – Scéim Phíolótach chun Acmhainní Amharclannaíochta a Chomhroinnt



Léigh a thuilleadh >>




Clár RAISE - FORBAIRT ACMHAINNE INFHEISTÍOCHTA PRÍOBHÁIDÍ - Fógraítear Céim 2.

Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon roghnú na gcúig eagraíocht ar Leibhéal 1 agus na 15 eagraíocht ar Leibhéal 2 a dheimhniú atá chun páirt a ghlacadh i gCéim 2 den chlár RAISE a bhfuil an-rath ag baint leis.



Léigh a thuilleadh >>




Clinicí faisnéise ar dhámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon don bhliain 2020

Tá spéis ag an gComhairle Ealaíon timpeallacht a chruthú, trína dámhachtainí scannáin, ina bhfuil an tsaoirse ag scannánóirí saothar turgnamhach agus/nó neamh-scéalaíochta a dhéanamh, agus tugtar deiseanna dóibh saothar ard-chruthaitheach a dhéanamh d’ardáin taispeántais i dtionscal na scannán.



Léigh a thuilleadh >>

Deontais agus Dámhachtainí
An Dámhachtain Coimisiún, an chéad spriocdháta eile – 5:30 p.m, Déardaoin, 30 Aibreán 2020

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Coimisiún na Comhairle Ealaíon Déardaoin, 30 Aibreán 2020 ag 5.30 pm. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 31 Márta 2020 ar aghaidh.



Léigh a thuilleadh >>




Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta don Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa, 2020

Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach don chéad bhabhta eile den Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa an 10 Márta. Is é spriocdháta na scéime 5.30 pm Déardaoin, 9 Aibreán 2020. Glacfar le hiarratais ar shuíomh gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle Ealaíon.



Léigh a thuilleadh >>




An Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Amharclannaíochta

Is é an spriocdháta don Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Amharclannaíochta, an 9 Aibreán 2020 ag 5.30 pm. Tosóidh an tréimhse ama inar féidir iarratas a dhéanamh ar líne ar an 10 Márta.



Léigh a thuilleadh >>




Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta

Is é cuspóir na Dámhachtana do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta tacú le tionscnaimh cleachtóirí gairmiúla i bhforbairt agus i gcur i láthair ceoldráma ag trí chéim ar leith. Spreagfar forbairt agus/nó cur i láthair saothair ar ardchaighdeán ealaíne i roinnt céimeanna forbartha agus léirithe iomlána ceoldrámaíochta freisin a dhéanann teagmháil leis an bpobal, rud a chruthóidh deiseanna d’ealaíontóirí.

 

Spriocdháta: 5.30 pm, 14 Bealtaine 2020



Léigh a thuilleadh >>




Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair

Is é an aidhm atá leis an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair tacaíocht a thabhairt maidir le saothar a thabhairt ar camchuairt agus a scaipeadh thar réimse d’fhoirmeacha agus cleachtais ealaíon.

 

Is é an spriocdháta i gcomhair camchuairteanna a bheidh ag tosú ó Eanáir go Meitheamh 2021 ná Déardaoin, 30 Aibreán 2020.



Léigh a thuilleadh >>




Spriocdháta: Maoiniú Deontais do na hEalaíona, 2021

Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas: 5.30 pm Déardaoin, 12 Márta 2020

Beifear ag glacadh le hiarratais ón 28 Eanáir 2020.



Léigh a thuilleadh >>




An chéad spriocdháta eile do Reel Art – 17:30 Déardaoin,14 Bealtaine 2020

 Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Scannáin Reel Art de chuid na Comhairle Ealaíon Déardaoin, 14 Bealtaine 2020 ag 17:30.  Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 14 Aibreán 2020 ar aghaidh.



Léigh a thuilleadh >>

Nuacht ón bPobal
Tá WESTIVAL ag lorg STIÚRTHÓIR FÉILE. Buaiteoir Dhámhachtana Féilte na hÉireann 2019 don ‘Fhéile Bheag is Fearr’.

Tá foireann ghairmiúil dhaingean tógtha ag WESTIVAL le tacaíocht ó bhord uaillmhianach agus pobal rannpháirteach. Tá an STIÚRTHÓIR FÉILE freagrach as an gclár foriomlán cruthaitheach, bainistíocht, airgeadas agus riarachán agus as sláinte oibriúcháin an cheiliúrtha bhliantúil bhunaithe seo ar na healaíona i gCathair na Mart. 



Léigh a thuilleadh >>




PAINÉAL TEAGASCÓIRÍ CEOIL

Tá iarratais á lorg ag Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí, ar son Music Generation na Mí, ar fholúntais a d’fhéadfadh a theacht chun cinn in 2020 ó cheoltóirí le speisialachas i múineadh na réimsí a leanas:  

 

  • Teagasc grúpa bhig i nguth (cór san áireamh) nó uirlis (aon seánra ceoil).  
  • Teagasc grúpa mhóir (guth agus/nó uirlis) i réimse comhthéacsanna scoile, pobail agus óige.  
  • Ensemble (uirlis/guth), éascú buíonta ceoil, meantóireacht in aon seánra ceoil lena n-áirítear, mar is cuí, cumadh amhrán/cumadóireacht chruthaitheach/rapcheol, teicneolaíocht/taifeadadh ceoil etc. 
  • Luathbhlianta - Teagasc gutha agus/nó uirlise do leanaí faoi bhun 5 bliana d’aois 


Léigh a thuilleadh >>




Riarthóir Music Generation

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí, ar son Music Generation na Mí, ag iarraidh Riarthóir (Oifigeach Cléireachais Ghrád III) a fhostú chun cabhrú leis an Oifigeach Forbartha Ceoil le heagrú, cur chun cinn agus reáchtáil laethúil Music Generation na Mí.  Tá duine á lorg againn atá paiseanta faoin oideachas ceoil agus a bhfuil scileanna TF, cumarsáide agus eagraíochtúla den chéad scoth acu.  



Léigh a thuilleadh >>


Scoileanna Ildánacha
Deis do Chomhlaigh Chruthaitheacha

Tá an Chomhairle Ealaíon ag lorg tairiscintí ar phainéal Comhlach Cruthaitheach chun tacú le Scoileanna Ildánacha a chur i bhfeidhm don bhliain acadúil 2020-21 agus ar aghaidh le spriocdháta de 17:00, Déardaoin, 12 Márta 2020.



Léigh a thuilleadh >>




Scoileanna Ildánacha – ag cur fáilte roimh iarratais ó scoileanna as gach cearn den tír

Tá scoileanna in anniarratais a dhéanamh anois go dtí 17:30, Déardaoin, 19 Márta 2020.  

Tá tuilleadh faisnéise ar phróiseas iarratais na Scoileanna Ildánacha ar fáil anseo. Ní mór na hiarratais a chur isteach ar líne agus moltar do scoileanna clárú i bhfad roimh an spriocdháta.



Léigh a thuilleadh >>