San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Nollag dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Comhpháirtíocht taighde na hEorpa: Tionchair iarmharta na hinfheistíochta poiblí sna healaíona, cultúr agus tionscail chruthaitheacha
Ceapacháin: Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht in 2015/2016
30 bliain d'ealaíona na n-údarás áitiúil
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5:30pm, Déardaoin an 21 Eanáir 2016
Scéim Ensembles na nÓg 2016
Spriocdháta na Scéime Camchuairte agus Scaipthe Saothair Nua an 3 Nollaig 2015
Dámhachtainí an Deontais um Spás Oibre na bhFísealaíontóirí 2016
Nuacht ón bPobal
Dáta don dialann – Seiceáil Ealaíon agus Sláinte, Seiceáil Isteach.
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Ceapacháin: Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht in 2015/2016

Tá comhpháirtíocht fhada ag an gComhairle Ealaíon le roinnt ollscoileanna Éireannacha chun poist mar Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht a chur ar fáil d’fhonn deis a thabhairt do mhic léinn ollscoile atá i mbun clár MA agus MFA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach oibriú le húdar gairmiúil a bhfuil meas air, agus d’fhonn deis a thabhairt do scríbhneoirí a saothar a fhorbairt fad is atá seasamh airgeadais réasúnta cobhsaí acu.

 

Ceapadh Michael West mar Scríbhneoir Cónaithe i gColáiste na hOllscoile Corcaigh

Drámadóir a bhfuil gradaim buaite aige agus athchóiritheoir aitheanta ar shaothar liteartha, d’oibrigh West ar léirithe amharclainne The Corn Exchange de Dubliners le Joyce, Nabokov’s Lolita agus le déanaí, A Girl is a Half-Formed Thing, le Eimear McBride. Bhuaigh a dhráma Freefall Dámhachtain Amharclannaíochta The Irish Times don Dráma Nua is Fearr agus don Stiúrthóir is fearr in 2009.

 

Beidh an file Mary O’Malley ina Comhalta Scríbhneora in Ollscoil Luimnigh.

Tá Mary O’Malley ar dhuine d’fhilí oirirce na hÉireann agus bhí sí ina Scríbhneoir Cónaithe ag OÉ Gaillimh ó 2001 go 2009, agus tá scéimeanna cónaitheachta déanta aici i bPáras, Villanova, Doire agus Béal Feirste. Is ball de Aosdána í agus tá Gradaim Hennessy agus O'Shaughnessy faighte aici as a saothar.

 

Ceapadh Lia Millsina Scríbhneoir Cónaithe saCholáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Ainmníodh a céad úrscéal, Another Alice (1996) do ghradam ficsin na hÉireann The Irish Times, agus bhí a dara húrscéal Nothing Simple (2005), ar an ngearrliosta d’Úrscéal Éireannach na hÉireann.  D’ainmnigh roinnt criticeoirí agus scríbhneoirí In Your Face, cuimhní cinn dá diagnóis agus cóireáil i gcomhair ailse béil, mar leabhar sár-roghnach 2007. Foilsíodh a tríú húrscéal Fallen in 2014 agus is é an teideal roghnaithe é do Dublin: One City One Book in 2016.

Beidh Gavin Corbett ina Chomhalta Scríbhneora i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath.

Tá trí úrscéal scríofa ag an úrscéalaí Gavin Corbett. Foilsíodh a chéad úrscéal, Innocence, in 2003. Bronnadh gradam Úrscéal Éireannach na Bliana ar a dhara úrscéal, This is the Way (2013), agus foilsíodh Green Glowing Skull (2015) níos luaithe i mbliana.

Email Software by Newsweaver