1. Leathnaíonn Arts Audiences a gcomhpháirtíocht le Google Ireland
Tá an-áthas ar Arts Audiences gur leathnaíodh an chomhpháirtíocht le Google a thosaigh anuraidh. Eagrófar seisiún faisnéise le baill foirne Google maidir le margaíocht ar líne agus an leas is fearr a bhaint as uirlisí ar líne i mí Feabhra agus eagrófar an Scéim Meantóireachta Meán arís i mbliana.
Léigh tuilleadh
2. Build your Audience 2011
Fáiltíonn Arts Audiences roimh iarratais ar an Scéim nua Build Your Audience, a bheidh ag díriú i mbliana ar chabhair a thabhairt d’eagraíochtaí ealaíon lena gcuid iarrachtaí maidir le turasóireacht chultúrtha.
Léigh tuilleadh
3. Cinntí: Miondeontais Chaipitil um Spásanna Oibre Físealaíontóirí 2010
Fógraíonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt, i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon, faighteoirí Mhiondeontais Chaipitil Spásanna Oibre Físealaíontóirí 2010.
Léigh tuilleadh
4. Cinntí faoin Scéim Deis: faighteoirí mhí na Samhna 2010 agus mhí Eanáir
Is scéim í Deis atá bunaithe ar thograí agus a dhírítear ar phobal na n-ealaíon traidisiúnta a spreagadh chun maoiniú a lorg ón gComhairle Ealaíon i leith raon tionscadal.
Léigh tuilleadh
5. Cinntí: an Scéim Chaipitiúil Ceoil 2010
Tá an Chomhairle Ealaíon, i gcomhpháirt le Music Network, tar éis torthaí na Scéime Caipitiúla Ceoil 2010 a fhógairt. Dearadh an tionscnamh seo chun tacaíocht a chur ar fáil le huirlisí ceoil a cheannach.
Léigh tuilleadh
6. Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí Ealaíon Beaga 2011: an dara babhta, spriocdháta 11 Feabhra 2011
Tá Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí Ealaíon Beaga ar fáil d'eagraíochtaí a eagraíonn agus a chuireann chun cinn féilte nó imeachtaí a bhfuil cuspóir soiléir ealaíonta acu, agus a bheidh ar siúl i rith na bliana 2011.
Léigh tuilleadh
7. Nuacht ó phobal na n-ealaíon
I measc na nuachta ó phobal na n‑ealaíon in Eanáir, tá deis ó Chomhordaitheoirí Ealaíon agus Sláinte na hÉireann (Arts and Health Coordinators Ireland) a dteastaíonn uathu Oifigeach Idirchaidrimh le hEalaíontóirí a cheapadh le hoibriú ar thionscnamh maidir leis na healaíona agus an tsláinte; tá Stiúrthóir Ealaíne á lorg ag Theatr Genedlaethol Cymru, compántas téatair Breatnaise; faisnéis faoi dheis chun na físealaíona a chur chun cinn le Fáilte Éireann agus ar deireadh, tá gailearaí Ghaeltacht Dhún na nGall, An Gailearaí, tar éis comórtas físealaíon a sheoladh bunaithe ar an téama ‘Físchiall na Gaeltachta’ (A Visual Sense of the Gaeltacht).
Léigh tuilleadh
8. Nuacht idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
I measc na nuachta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha in Eanáir tá: glao chun páirt a ghlacadh in We are more, feachtas tacaíochta ealaíon ar fud an Eoraip; nuacht maidir leis an bPlean Oibre ar son an Chultúir 2011 – 2014; faisnéis faoi dheiseanna cónaitheachta idirnáisiúnta do chóragrafaithe; glao ar rannpháirtíocht in Tandem lena dtabharfar léargas d’institiúidí ar réimsí cultúrtha na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive; sonraí faoi chúrsa oiliúna ar mhodhanna cruthaitheacha (na healaíona agus an ceol) a úsáid chun daoine óga a bhíonn eisithe go sóisialta a chuimsiú; gairm tograí do Chlár IVB Iarthuaisceart na hEorpa Interreg; faisnéis faoi Chomhdháil Bhliantúil Europa Nostra in Amstardam agus fógra faoi Oidhreacht Chultúrtha Eorpach ag comhdháil in Bruges.
Léigh tuilleadh
|
|