I mí Dheireadh Fómhair, chas an Chomhairle Ealaíon leis an gComhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Ghaeltachta. Bhí an Cathaoirleach Pat Moylan ar an toscaireacht, agus an Stiúrthóir Mary Cloake, chomh maith leis an aisteoir Brendan Gleeson agus an scríbhneoir Colum McCann, beirt a fuair maoiniú ón gComhairle Ealaíon ag tús a gcuid gairmeacha. Chuir an tUasal Moylan agus a toscaireacht cás láidir os comhair an Choiste maidir le tacaíocht leanúnach do na healaíona le linn na géarchéime eacnamaíochta. Is féidir preaseisiúint na Comhairle Ealaíon agus téacs iomlán an chruinnithe a léamh in eagrán na míosa seo.
Freisin an mhí seo, sheol an Chomhairle clár ealaíon agus sláinte nua dar teideal Comharthaí Beatha, ina raibh comhdháil agus taispeántas i gcúig ionad ar fud Bhaile Átha Cliath 8. Tharraing an clár díospóireacht bhríomhar agus shuimiúil maidir leis na healaíona agus cúrsaí sláinte; tá buaicphointí na n-imeachtaí a bhí ar siúl le fáil san eagrán seo chomh maith le faisnéis maidir le cá háit is féidir le síntiúsóirí éisteacht le podchraoltaí na comhdhála, féachaint ar an sruth Comharthaí Beatha ar Twitter agus na píosaí tuairime coimisiúnaithe a léamh.
Tá na scéalta is déanaí againn ó Lucht Féachana na nEalaíon; fógraítear na daoine ar éirigh leo sa treoirthionscadal ‘Build your Audience’ agus áirímid faisnéis ar an tionscnamh ‘Glac do Shuíochán‘, a bhfuil sé mar aidhm aige lucht féachana a mhéadú in ionaid taibhealaíon ar fud na tíre.
Tá faisnéis sa nuachtlitir freisin maidir le Féach - ag cur chun cinn na fiontraíochta, na n-ealaíon, an chultúir & na hoidhreachta - tionscnamh a bunaíodh i gcomhpháirt le Comhairle Contae na Mí. Tionóladh cruinniú meitheal smaointe i mí Dheireadh Fómhair sa Solstice Arts Centre san Uaimh agus ba é an príomhábhar a pléadh ná conas a chuideofaí le fiontair áitiúla, le heagraíochtaí ealaíon agus lena bpobail gnóthaí a bhainistiú tríd an lagtrá eacnamaíochta.
Tá faisnéis againn maidir le post do choimeádaí don 12ú Biennale Ailtireachta sa Veinéis in 2010; agus áirímid sonraí faoi thaispeántas ina bhfuil píosaí a d’eascair ó scéim na nEalaíontóirí sna Príosúin.
Is iad na hailt dheireanacha sa nuachtlitir ná na scéalta rialta faoi dheiseanna ón bPointe Teagmhála Cultúrtha agus nuacht ó phobal na n-ealaíon.
Mary Cloake
Stiúrthóir