Tá Arts & Disability Ireland ag glaoch ar thograí le haghaidh Cruinniú Mullaigh Eorpach dar teideal From Access to Inclusion 2020 a bheidh ar siúl idir an 11 agus an 14 Bealtaine, i mBaile Átha Cliath, Éire. Is é meán oíche GMT/UTC, Dé Máirt, 12 Samhain 2019 an spriocdháta i gcomhair achoimrí.
Beidh trí shnáithe ann mar chuid den Chruinniú Mullaigh seo; ceardlanna ar thógáil cumais a reáchtálfar idir an 11 agus an 12 Bealtaine ag ionaid tionóil chultúrtha éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath, siompóisiam dhá lá a bheidh ar siúl ag Ionad Comhdhála Printworks, Caisleán Bhaile Átha Cliath idir an 13 agus an 14 Bealtaine agus sraith d’imeachtaí cultúrtha a bheidh ar siúl sa tráthnóna.
Tá ADI ag glacadh le tograí do na seisiúin mhullaigh seo a leanas:
Ceardlanna ar thógáil cumais: ceardlann a chur ar siúl i seomra ranga i bhfoirm seisiún thógáil scileanna nó mheitheal machnaimh ar feadh dhá uair an chloig, ceithre uair an chloig nó ocht n-uair an chloig, agus d’fhéadfaí iad a reáchtáil arís ar laethanta éagsúla.
Siompóisiam ‘From Access to Inclusion’: painéil phlé, cás-staidéir, taispeántais, agus samplaí a chuirfear i láthair thar an dá lá.
Iarrann an ADI go ndíreofar ar théamaí amhail; seirbhísí agus cláir rochtana; léiriúcháin, taispeántais agus/nó eispéiris cuairteoirí atá inrochtana go haeistéitiúil; oideachas, for-rochtain agus rannpháirtíocht an phobail; comhaontú agus pleanáil eagraíochtúil; teicneolaíocht; agus dearadh uilíoch.
Tá níos mó eolais ar fáil ANSEO
Tá leagan den treoir agus den fhaisnéis tacaíochta ar féidir a phriontáil le fáil ANSEO
From Access to Inclusion 2020, cruinniú mullaigh ar na healaíona agus an gcultúr ina dtiocfaidh saineolaithe agus urlabhraithe idirnáisiúnta ar an rochtain le chéile chun bealaí a fhiosrú inar féidir eispéiris ealaíon agus cultúrtha gan stró, ina bhfuil an duine rílárnach iontu a chur ar fáil. Cuirfear deis úr ar fáil leis an gcruinniú mullaigh seo le smaointe a mhalartú agus le bealaí nua agus nuálacha a aimsiú chun gach duine a chuimsiú agus fáilte a chur roimh gach duine sna healaíona.
Ar mhaith leat freastal ar an gCruinniú Mullaigh? Cláraigh do shuim san imeacht inniu tríd an nasc SEO
Tá ríméad ar ADI a bheith ag comhoibriú le The Kennedy Center ar an tionscnamh seo. Tá an Cruinniú Mullaigh seo bunaithe ar chomhdháil de chuid The Kennedy Center, Leadership Exchange in Arts and Disability (LEAD®), an chomhdháil is mó i Meiriceá Thuaidh ar a bhfreastalaíonn saineolaithe agus urlabhraithe rochtana.