San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán Mhí Feabhra dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Bain só as d’fhéile an mhí seo!
Tá spriocdháta curtha amach go dtí an 13ú Márta 2020 don phróiseis comhairliúcháin phoiblí maidir le Beartas Náisiúnta ar Ailtireacht
Buail leis an gComhairle Ealaíon
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Ensembles na nÓg 2020
Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh – Scéim Phíolótach chun Acmhainní Amharclannaíochta a Chomhroinnt
Mobility First! - Tionscnamh Soghluaiseachta Cultúrtha ASEF 2020
Nuacht ón bPobal
Deis Fostaíochta ag Music Network Riarthóir Clár
Stiúideonna Ealaíontóirí le Fáil ar Cíos
Scoileanna Ildánacha
Deis do Chomhlaigh Chruthaitheacha
Scoileanna Ildánacha – ag cur fáilte roimh iarratais ó scoileanna as gach cearn den tír
Stiúideonna Ealaíontóirí le Fáil ar Cíos

Tá ráitis spéise á lorg ag Roinn Seirbhísí Ealaíon Chomhairle Contae Ros Comáin ó ealaíontóirí a oibríonn i ndisciplín ar bith chun spás stiúideo a ghlacadh ar cíos in Ionad Ealaíon Ros Comáin nó i Stiúideonna Harrington atá suite ar thailte Theach King i Mainistir na Búille.

Is féidir le healaíontóirí/cleachtóirí Éireannacha nó idirnáisiúnta a oibríonn go lánaimseartha i ndisciplín ar bith iarratas a dhéanamh, ina measc: amharclannaíocht, litríocht, amharc-ealaín, ceol, damhsa, scannánaíocht agus cleachtóirí cultúrtha eile. Mar chuid de thiomantas Chomhairle Contae Ros Comáin chun tacú le healaíontóirí gairmiúla ag gach céim dá ngairmréim, is féidir le gairmithe nua agus bunaithe araon iarratas a dhéanamh.

Spriocdháta le haghaidh iarratas: Dé hAoine, 14 Feabhra 2020

Treoirlínte do na hIarratais: https://roscommonartscentre.ie/artist-studios/

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le Averyl Dooher: adooher@roscommoncoco.ie

Le tacaíocht ó Chomhairle Contae Ros Comáin