Spriocdháta: 5.30pm, an 11 Meán Fómhair 2014
Osclóidh Scéim na bhFoilseachán / Teideal ar Theideal 2015 i gcomhair iarratas Dé Máirt an 12 Lúnasa 2014.
Is é príomhaidhm na scéime seo cabhrú le foilsitheoirí na hÉireann teidil, foilseacháin agus irisí ardchaighdeáin a tháirgeadh. Beidh foilsitheoirí Éireannacha agus irisí liteartha i dteideal cur isteach ar thacaíocht airgeadais maidir le suas le seacht dteideal sna réimsí seo a leanas: ficsean, neamhfhicsean cruthaitheach, litríocht do leanaí, filíocht, drámaíocht, úrscéalta grafacha agus leabhair phictiúr mhaisithe, léirmheastóireacht ealaíon, agus beathaisnéisí agus dírbheathaisnéisí na n-ealaíon comhaimseartha. Beidh foilsitheoirí ríomhleabhar agus irisí liteartha ar líne nó irisí liteartha clóite i dteideal iarratas a dhéanamh freisin.
Is é an 11 Meán Fómhair 2014 an dáta deiridh le cur isteach ar an scéim seo agus tá na sonraí go léir ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon anseo.
I gcomhair tuilleadh faisnéise téigh i dteagmháil le Audrey Keane, Oifigeach Litríochta ag audrey.keane@artscouncil.ie nó le Jennifer Lawless, Cúntóir Litríochta, ag jennifer.lawless@artscouncil.ie
Clinic faisnéise
Reáchtálfaidh an Chomhairle Ealaíon clinic faisnéise in Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 2 roimh an spriocdháta sin chun comhairle agus faisnéis a chur ar fáil faoin bpróiseas iarratais. Reáchtálfar an clinic seo Dé Céadaoin an 3 Meán Fómhair ó 11am go dtí 12.30pm. Chun áit a chur in áirithe ag an gclinic seo, seol ríomhphost chuig jennifer.lawless@artscouncil.ie faoi Dé hAoine, an 22 Lúnasa 2014. Níl aon chostas ag baint le freastal ar an gclinic agus iarraimid ar rannpháirtithe na Treoirlínte anseo ,a bhaineann leis an scéim a léamh roimh fhreastal ar an gclinic.