D’fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon agus Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach comhaontú nua 10 mbliana.
 |
Sa doiciméad Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh (Cuspóir 16), tá an Chomhairle Ealaíon meáite ar ár bpríomh-chomhpháirtíocht straitéiseach a fhorbairt leis an rialtas áitiúil. Mar sin bhíomar an-dóchasach ag seoladh ár gcomhaontaithe nua deich mbliana le Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach – Creatlach don Chomhoibriú ar an Déardaoin, an 18 Feabhra, ag Teach an Rialtais Áitiúil ar Ché Usher i mBaile Átha Cliath. Ba ócáid an-tábhachtach a bhí ann agus Príomhfheidhmeannaigh as gach údarás áitiúil sa tír ag léiriú a gcuid tacaíochta don chomhaontú agus don tuairim atá ann go n-éireoidh linn go leor a bhaint amach d’fhorbairt na n-ealaíon in Éirinn má oibrímid le chéile ar bhealach níos dlúithe.
Cuirfidh an comhaontú seo ar chumas na Comhairle Ealaíon agus na nÚdarás Áitiúil cur chuige níos príomhshruthaithe agus níos comhsheasmhaí a fhorbairt maidir leis na healaíona a mhaoiniú, bunaithe ar na príomhphrionsabail a bhaineann le forbairt na n-ealaíon, le rannpháirtíocht an phobail agus le pleanáil spásúlachta. Tabharfaidh sé deis freisin don Chomhairle Ealaíon agus d’Údaráis Áitiúla spriocthorthaí a leagan síos áit a mbeimid in ann tionchar an chaidrimh sin a thomhas agus leibhéil mhéadaithe rannpháirtíochta poiblí a fheiceáil. Táimid ag tnúth le tuairisc rialta a thabhairt ar raon na dtionscadal agus na dtionscnamh nua a thiocfaidh as an gcomhaontú stairiúil seo.
 |
|