<< Clúdach
English Version

Ailt
Imeacht don Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach: bí i láthair le scoth na dtaibheoirí Éireannacha chun an ficsean Éireannach is fearr a cheiliúradh

An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30pm, Déardaoin an 22 Eanáir 2015

Meabhrúchán: An Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair

Dámhachtainí an Deontais um Spás Oibre na bhFísealaíontóirí 2015

Lucht féachana féideartha a phróifíliú

Tairseach náisiúnta nua na n-ealaíon san oideachas – teastaíonn do chúnamh uainn

Nuacht ó Lucht Féachana na nEalaíon.

Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir

Glao ar Thairiscintí le haghaidh Forbairt Lucht Féachana agus Ealaín Phoiblí

Cartlann
Cliceáil anseo chun breathnú ar ár gcartlann

Eagarthóir
 
Spriocdháta le haghaidh nuachta agus tuairimí Dé Máirt 18 Samhain
.

Seol scéal nuachta chugainn

Liostáil
Liostáil


Naisc chuig Suíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon
nuachtlitir
Imleabhar 12 Eagrán 24 Samhain 2014

Lucht féachana féideartha a phróifíliú

Cuidíonn uirlis mapála na Comhairle Ealaíon le hionaid ealaíon a lucht féachana féideartha a phróifíliú.

 

Cé mhéad duine a chónaíonn laistigh de 30 nóiméad tiomána de m’ionad?  Cén céatadán atá ann maidir le: daoine óga?; daoine ar scor?  Cad iad na mionlaigh eitneacha atá ann? ...

 

Is ann do bhealach nua anois atá furasta le húsáid d’ionaid ar fud na hÉireann chun na ceisteanna sin agus ceisteanna eile dá samhail a fhreagairt...

 

Baineann uirlis nua a d’fhorbair an Chomhairle Ealaíon úsáid as sonraí daonáirimh chun próifíl dhéimeagrafach a bhreacadh de na daonraí atá ina gcónaí laistigh d’achair tiomána éagsúla de 73 ionad ealaíon ar fud na tíre.

 

Tá an uirlis nua – a d’fhorbair an Chomhairle Ealaíon i gcomhar leis an Ionad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann (AIRO) – mar chuid d’fhócas nua na Comhairle Ealaíon ar phleanáil agus ar anailís spásúil agus dhéimeagrafach, agus tugann sí deis dúinn tuiscint níos fearr a fháil ar an bpobal ar a bhfreastalaímid. Dár linne go mbainfidh bainisteoirí ionaid agus daoine eile ar spéis leo foghlaim níos mó faoi lucht féachana féideartha le haghaidh clár agus imeachtaí tairbhe ar leith aisti.

 

 

Beidh an fhoireann ón AIRO ag soláthar oiliúna air sin agus ar uirlisí mapála daonáirimh eile ag an Lá um Dhíriú ar an Lucht Féachana de chuid Lucht Féachana na nEalaíon, Caisleán Bhaile Átha Cliath, an 9 Nollaig, 2014. Féadtar sonraí a fháil ina leith sin ar www.artsaudiences.ie

 

Idir an dá linn, is féidir aon cheist atá agat faoin uirlis mapála a chur ar Monica sa Roinn Forbartha Straitéisí ar 01 6180202 nó monica.corcoran@artscouncil.ie

<< Clúdach
Newsletter Marketing Powered by Newsweaver