GOOD CAUSES AWARDS DE CHUID AN CHRANNCHUIR NÁISIÚNTA
 |
Agus iad ar an bhfód le trí bliana anois, tá Good Causes Awards de chuid an Chrannchuir Náisiúnta oscailte do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí pobail agus deonacha ar bith, cosúil le do cheannsa, a chuireann go mór lena bpobal áitiúil, a bhuí le maoiniú Good Causes an Chrannchuir Náisiúnta.
Tá eagraíocht ealaíne ar bith a fuair maoiniú ón gComhairle Ealaíon idir 2014-2019 i dteideal iarratas a chur isteach ar ghradaim na bliana seo faoin gcatagóir ‘Arts & Culture’. Is féidir iarratas a dhéanamh ar na Gradaim anois ach d’iarratas a chur isteach ag www.lottery.ie/goodcausesawards. Tá na sonraí go léir maidir leis an gcomórtas ar fáil anseo, lena n-áirítear na rialacha, na téarmaí agus na coinníollacha.
Roghnófar 36 eagraíocht san iomlán a n-éireoidh leo in dhá bhabhta chun dul ar aghaidh chuig an gcraobh náisiúnta. Beidh lón bronnta ar an 27 Márta 2021 i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath, chun críoch a chur leis an gcomórtas (cloífear go docht le treoirlínte sláinte poiblí an Rialtais maidir le COVID-19 agus an lón á reáchtáil)
Bronnfar duais €10,000 ar bhuaiteoir na catagóire Arts & Culture, a bheidh ar cheann de sheachtar buaiteoirí catagóire, agus gheobhaidh buaiteoir foriomlán Good Cause of the Year €25,000 sa bhreis.
Is é an 27 Samhain an spriocdháta le haghaidh iarratas.
 |
|