Spriocdháta don Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht – 5:30pm, Déardaoin an 11 Meitheamh 2015
 |
Ba mhaith leis an gComhairle Ealaíon an Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht 2015 a fhógairt, agus é ina chuspóir an pobal a spreagadh a bheith páirteach san ailtireacht. Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas Déardaoin, an 11 Meitheamh 2015 agus ní mór go mbeadh tionscadail ar siúl roimh an 28 Aibreán 2015. Forbraíodh an Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht mar fhreagra ar Beartas an Rialtais ar Ailtireacht 2009 – 2015, I dTreo Todhchaí Inbhuanaithe: Ag Seachadadh na Cáilíochta sa Timpeallacht Thógtha agus ar thaighde na Comhairle Ealaíon ar Public Engagement with Architecture (2009). Tá dhá shnáithe ar leith sa bhabhta seo den dámhachtain: féachfar faoi shnáithe 1 le tacaíocht a thabhairt do thaighde agus d’fhorbairt an tionscadail agus féachfar faoi shnáithe 2 leis an tionscadal a thabhairt chun críche. Beidh fáil go luath ar threoirlínte na dámhachtana ar an rannán ‘maoiniú atá ar fáil’ ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon. Tabhair faoi deara Ní ghlacfar le hiarratais ach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. D’fhéadfadh sé suas le cúig lá a thógáil sula ndéanfar clárúcháin a dhearbhú, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir.
 |
|