San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mhárta dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Ionad Éigse Éireann: An chéad chaibidil eile i gceathrú liteartha Bhaile Átha Cliath
BEYOND PARTICIPATION AR AIS I MÍ AN MHÁRTA
Scéim Infheistíochta na bhFéilte – Clinicí
Scríbhneoir Cónaitheach, Coláiste na hOllscoile Corcaigh 1 Meán Fómhair 2018 – 31 Lúnasa 2019
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile do Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis – 5:30pm, Déardaoin, an 5 Aibreán 2018
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon – Spriocdhátaí 2018
Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon agus Arts & Disability Ireland spriocdháta Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais 2018 a fhógairt, scéim maoinithe d'ealaíontóirí faoi mhíchumas.
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon na spriocdhátaí le haghaidh scéimeanna sa Damhsa agus san Amharclannaíocht
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon spriocdháta i gcomhair Ghairmeacha Oscailte 2018
Nuacht ón bPobal
Fógraíonn Glór turais threoracha atá cairdiúil ó thaobh na néaltrú
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Cuirfidh Music Moves Europe earnáil an cheoil chun cinn san Eoraip
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon – Spriocdhátaí 2018

Spriocdhátaí 2018: (Babhta 1) Dé Luain, an 26 Márta | (Babhta 2) Dé Luain, an 25 Meitheamh

Ní mór d’iarrthóirí a bheith ag obair mar ealaíontóirí i gceann ar bith de na foirmeacha ealaíne seo a leanas: ailtireacht, sorcas, sráidealaíon agus seónna, damhsa/rince, scannán, litríocht (i nGaeilge nó i mBéarla), ceol, ceoldrámaíocht, téatar, na hamharcealaíona agus ealaíona traidisiúnta. Is féidir na tionscadail a reáchtáil i réimse leathan comhthéacsanna sóisialta agus pobail, e.g. na healaíona agus an tsláinte; na healaíona agus an éagsúlacht chultúrtha; na healaíona agus daoine scothaosta; chomh maith le haon phobail suime eile.

 
Is é aidhm na scéime comhoibriú bríoch a spreagadh idir pobail áite agus/nó spéise agus ealaíontóirí. Tá sé riachtanach go mbeadh comhphlé idir an t-ealaíontóir agus an grúpa pobail, sa chaoi is go mbeidh an dá dhream páirteach sa chinneadh maidir leis an gcineál tionscadail a bheidh i gceist. Ba cheart gur faoin ngrúpa a bheadh gach céim den phróiseas agus den saothar ealaíne. Is iomaí toradh a d’fhéadfadh a bheith ar chur i bhfeidhm an tionscadail.

Chun faisnéis a fháil faoin Scéim agus faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh, déan teagmháil le

Ríomhphost: support@create-ireland.ie

Teil.: 01 473 6600

Suíomh gréasáin: www.create-ireland.ie