San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mhárta dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Conairí 2021 – Seisiún 1
Fógra maidir le Clinic Faisnéise ar Mhaoiniú le haghaidh Sorcais, Sráidealaíon agus Seónna
Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh
CLINIC AR LÍNE NA SCÉIMEANNA FÉILTE – 1 Aibreáin ag 2pm
Ag Baint Lá Amach nó Faoi Bhláth? Sraith ar líne fógartha ag an gComhairle Ealaíon agus ag Iontaobhas Ealaíon Íceach Phort Láirge le tacú le folláine earnáil na n-ealaíon in Éirinn
From Access to Inclusion; Cruinniú mullaigh ar na hEalaíona agus ar an gCultúr
Deontais agus Dámhachtainí
Dámhachtain do Thionscadal Amharclannaíochta - Spriocdháta le teacht
Spriocdháta: Dámhachtain Coimisiún, Déardaoin, 29 Aibreán 2021
Scéim Ensembles na nÓg 2021
Nuacht ón bPobal
Aire a Thabhairt d’Intinní Cruthaitheacha – MÁRTA Seisiún Teacht Le Chéile
NÓTA COMHTHÉACSÚIL DO RÍOMHPHOST SPEAK UP ACTiON
Scoileanna Ildánacha
Scoileanna Ildánacha/Creative Schools 2021
Scéim Ensembles na nÓg 2021

Is é príomhchuspóir Scéim Ensembles na nÓg tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí daoine óga idir deich mbliana d’aois agus 24 bliain d’aois chun saothar uaillmhianach úrnua a chruthú nó dul i ngleic go criticiúil le chéile i bhfoirm ealaíne ar bith (e.g. sorcas, ealaín sráide, seónna, damhsa, na meáin dhigiteacha, scannáin, ceol, amharclannaíocht, litríocht, na hamharc-ealaíona, ailtireacht, nó meascán ar bith díobh sin). Ní mór go mbeadh triúr ball nó níos mó ná sin i ngrúpaí nó in ensembles.

 

Baineann dhá shnáithe le Scéim Ensembles na nÓg. Ba cheart duit an snáithe is oiriúnaí do d’ensemble agus do thogra a roghnú. Ní féidir leat iarratas a dhéanamh ach ar aon snáithe amháin. Is é €10,000 an maoiniú is mó atá ar fáil faoi shnáithe 1 agus is é €25,000 an maoiniú is mó atá ar fáil faoi shnáithe 2.

Snáithe 1

Dírítear sa snáithe seo ar ensembles a bhfuil sé mar aidhm acu tabhairt faoi thionscadal nó thionscnamh nua a fhorbróidh cleachtas agus taithí na ndaoine óga a bheidh páirteach ann. D’fhéadfá cur isteach ar suas le €10,000. Féadfaidh ensembles nua agus seanbhunaithe cur isteach ar an scéim seo agus ní mór dóibh a n-acmhainn a léiriú le tionscadal ealaíonta ardchaighdeáin a fhorbairt agus a sholáthar

Snáithe 2

Dírítear sa snáithe seo ar ensembles a bhfuil sé mar aidhm acu tabhairt faoi chlár oibre a fhorbraíonn obair an ensemble. Is le haghaidh tograí a chosnóidh níos mó ná €10,000 agus nach mó ná €25,000 an snáithe seo. Ní mór d’iarratasóirí a bheith ina ensembles seanbhunaithe a bhfuil cuntas teiste acu ar thionscadail nó ar chláir ealaíonta ardchaighdeáin a chur ar fáil.  Ní mór d’iarratasóirí ar an snáithe seo a chur in iúl cén fáth a dteastaíonn buiséad níos mó ná an buiséad atá ar fáil faoi Shnáithe 1.

Is féidir leat roinnt leideanna a léamh faoi iarratas a ullmhú agus féachaint ar fhíseán ina bhfuil daoine a fuair dámhachtain roimhe seo anseo.

 

Glacfar le hiarratais ar líne ó Dé Máirt, an 16 Márta 2021. Léigh na treoirlínte iomlána atá ar fáil anseo.

 

D’fhonn tacú le ensembles na n-óg cur isteach ar Scéim Ensembles na nÓg, tionólfaimid seimineár gréasáin Dé Luain, an 15 Márta. Beidh cúpla focal le roinnt ag grúpaí a bhfuair tacaíocht ón scéim roimhe seo dá dtionscadail agus roinnfimid eolas áisiúil maidir le conas iarratas a dhéanamh. Is féidir leat clárú anseo chun freastal ar an imeacht. Roinnfidh Deasc na hEorpa Cruthaithí Éire - Oifig Cultúir faisnéis le linn an imeachta freisin maidir leis na deiseanna maoinithe Eorpacha a bheidh ar fáil d’earnáil ealaíon na n-óg amach anseo. 

 

Tá pleanáil agus soláthar do rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga leis na healaíona mar chuid de straitéis na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh 2016-2025.