San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Samhna dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Foireann na Scoileanna Ildánacha á Fógairt ag an gComhairle Ealaíon
Age & Opportunity – Féile na Bealtaine, 2018
Deontais agus Dámhachtainí
Meabhrúchán: Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon – Dámhachtain Sparánachta 2017: Ealaín Chomhoibríoch agus Gníomhaíochas
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta, Déardaoin, an 25 Eanáir 2018, 5.30 p.m
An Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair i gcomhair camchuairteanna a bheidh ag tosú idir Iúil agus Nollaig 2018 / Réamhphleanáil 2019
An Dámhachtain Taistil agus Oiliúna 2018
Nuacht ón bPobal
Gairm Oscailte ar Shraith Máistir-Ranganna 1 de chuid Belltable: Connect a bhfuil an Chomhairle Ealaíon ag tacú léi faoin Scéim um Fhorbairt Ealaíontóirí Amharclannaíochta
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Gairm Oscailte ar Shraith Máistir-Ranganna 1 de chuid Belltable: Connect a bhfuil an Chomhairle Ealaíon ag tacú léi faoin Scéim um Fhorbairt Ealaíontóirí Amharclannaíochta

Trína chlár forbartha amharclannaíochta tá iarratais á lorg ag Belltable: Connect, Ionad Ealaíon Belltable, ó chleachtóirí taibhealaíon don chéad cheann dá Shraith Máistir-Ranganna in 2018. Tabharfaidh Théâtre de la Pire Espèce Máistir-Rang dian in Amharclannaíocht na Réad idir an 29 Eanáir agus an 1 Feabhra 2018.

 

 

Tá lúcháir ar Belltable: Connect a fhógairt go bhfuil iarratais á lorg aige ar a Shraith Máistir-Ranganna – sraith a bhfuil an Chomhairle Ealaíon ag tacú léi faoin Scéim um Fhorbairt Ealaíontóirí Amharclannaíochta.

 

Beidh an tSraith Máistir-Ranganna ar siúl sa chéad leath de 2018 agus is deis í chun an lucht déanta amharclannaíochta a mhealladh agus a spreagadh lena gcuid scileanna a fheabhsú agus a fhorbairt i Luimneach. Clár 5 mhí atá i gceist ina gcuirfear réimse beoga fuinniúil de dhian-mháistir-ranganna ar fáil do na rannpháirtithe. Beidh compántais amharclannaíochta agus lucht déanta amharclannaíochta, idir Éireannach agus idirnáisiúnta, i mbun na máistir-ranganna. Beidh deichniúr cleachtóirí gairmiúla amharclannaíochta/taibhealaíon, atá bunaithe in Éirinn, i ngach máistir-rang. Díreofar ar ghné éagsúil i ngach rang.

 

Tabharfaidh Théâtre de la Pire Espèce (Ceanada) an chéad Mháistir-Rang idir Dé Luain, 29 Eanáir agus Déardaoin, 1 Feabhra 2018, ó 10.00 a.m. go 4.00 p.m., agus an 1 Feabhra 2018, ó 8.00 p.m. go 10.00 p.m., in Ionad Ealaíon Belltable i Luimneach. Gheobhaidh na hiarratasóirí rathúla stipinn chun cuidiú leo a gcostais a dhíol. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis 12 meán lae, an 27 Samhain 2017.

 

Féadtar tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ar http://belltableconnect.ie/masterclass-series/.