San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí an Mhárta dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
The Readers’ Voice
RAISE: Tá Kieran McSweeney ceaptha ag an gComhairle Ealaíon i ról mar Chomhairleoir Infheistíochta Príobháidí.
2023: Iardhearcadh na Todhchaí
Cuairt staidéir ó Bhainisteoirí Ionad Ealaíne na hAfraice Theas chun na hÉireann
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile do Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis – 5:30 pm, Déardaoin, an 6 Aibreán 2017
Spriocdháta: Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon – Spriocdhátaí 2017
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon spriocdháta i gcomhair na Gairme Oscailte 2017
Nuacht ón bPobal
Comhaltacht Scríbhneora do Leanaí
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
The Ultimate Cookbook for Cultural Managers – Taxation of Artists in an International Context
Cad é a shíleann tú faoin gclár, an Eoraip Chruthaitheach? Cén chaoi ar féidir é a fheabhsú?
Gairmeacha reatha ar mhaoiniú i bhFochlár Cultúir de chuid na hEorpa Cruthaithí
An chéad spriocdháta eile do Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis – 5:30 pm, Déardaoin, an 6 Aibreán 2017

Is é cuspóir Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis tacaíocht a thabhairt do thionscadail taifeadta sna healaíona traidisiúnta, nó do thionscadail taifeadta ina mbeidh lucht na n-ealaíon traidisiúnta ag saothrú i gcomhar le lucht foirmeacha eile ealaíne agus do thionscadail atá bunaithe ar shaothar a fhoilsiú amhail ábhair teagaisc, bailiúcháin fonn agus saothar léirmheastóireachta atá ag teacht le beartas na Comhairle Ealaíon i leith na n-ealaíon traidisiúnta.

 

Tabharfar tús áite do thionscadail lena léirítear:

=    Aird ar chaighdeán ealaíonta

=    Nuálaíocht

=    Tairbhe shuntasach do phobal na n-ealaíon traidisiúnta.

 

Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair, do ghrúpaí, do ensembles agus d’eagraíochtaí

Foilsíodh Treoirlínte Dámhachtana le haghaidh Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis sa rannán maoiniú atá ar fáil_ar ár suíomh gréasáin.

Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór go mbeadh an t-iarratasóir cláraithe le suíomh na seirbhísí ar líne sula ndéanfar iarratas. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.

 

 

 

 

Email Newsletter Software by Newsweaver