San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mheán Fómhair dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Foráil do Sheirbhísí Bailiúcháin Ealaíne
Taighde ar Chlár na nÁiteanna Cruthaitheacha
NUA: Scéim Infheistíochta na bhFéilte – Clinicí
Breathnaítear ar éagsúlacht agus ar nuálaíocht le féile ceoil thraidisiúnta sa Cheoláras Náisiúnta
Deontais agus Dámhachtainí
Meabhrúchán – Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí 2018 ar oscailt anois
Camchuartaíocht 2018/2019
Nuacht ón bPobal
Tá glaoch ar iarratais dá Chlár Cónaitheachta sa Cité internationale des arts i bPáras don bhliain 2018 seolta ag an Institut français
Breathnaítear ar éagsúlacht agus ar nuálaíocht le féile ceoil thraidisiúnta sa Cheoláras Náisiúnta

Téann an Chomhairle Ealaíon agus an Ceoláras Náisiúnta i gcomhar lena chéile chunTradition Now a churi láthair an phobail. Féile seachtaine de cheol traidisiúnta nuálach a bheidh ar siúl idir an 3-8 Deireadh Fómhair 2017 sa Cheoláras Náisiúnta. 

 

Díreofar ar an gcomhoibriú idirnáisiúnta mar aon le saothair nua chruthaitheacha agus nuálacha, beidh deich gceolchoirm ar siúl le linn na féile le réimse leathan ceoltóirí aitheanta agus comhaimseartha idir an banna Éireannach iomráiteach Lankum (nó Lynched mar a thugtaí orthu), an t-amhránaí Gaidhlig ón Eilean Fada Julie Fowlis, Beoga le Ceolfhoireann Choirme RTÉ, an píobaire Carlos Nuñez ón nGailís, agus roinnt eile. Beidh ceoltóir cónaithe, eadhon an ceoltóir consairtín Cormac Begley, ag an bhféile Tradition Now den chéad uair agus beidh clár iomlán imeachtaí don teaghlach ann chomh maith céanna.

 

Beidh trí phríomhstáitse ann mar aon le cainteanna, ceolchoirmeacha agus ceolchoirmeacha teaghlaigh ann agus díreoidh Tradition Now ar théamaí éagsúla lena n-áirítear: glór an cheoil thraidisiúnta agus na n-amhrán traidisiúnta i gcathair Bhaile Átha Cliath leis an mbanna ceoil tíre neamhspleách Lankum agus malartú idirchultúrtha an ghrúpa Éireannaigh/Iaránaigh Navá; athbhreithniú ar ‘an traidisiún’ leis an gcláirseoir Siobhan Armstrong agus Lankum ag breathnú ar sheanamhránaíocht i gcomhthéacs na linne seo; saothair nuálacha leis an amhránaí Julie Fowlis agus an fidléir Zoë Conway mar aon le comhrá agus malartú ceoil idirnáisiúnta le The Rolling Wave a bhreathnóidh ar thraidisiúin Atlantacha píobaireachta agus tuilleadh.

Déantar ceiliúradh le Tradition Now ar an gcaoi ar éirigh leis an infheistíocht a rinne an Chomhairle Ealaíon borradh a chur faoi na healaíona traidisiúnta le blianta beaga anuas, cuspóir straitéiseach a bhí le Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig http://www.nch.ie/Online/Tradition-Now-2017