San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mhárta dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Conairí 2021 – Seisiún 1
Fógra maidir le Clinic Faisnéise ar Mhaoiniú le haghaidh Sorcais, Sráidealaíon agus Seónna
Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh
CLINIC AR LÍNE NA SCÉIMEANNA FÉILTE – 1 Aibreáin ag 2pm
Ag Baint Lá Amach nó Faoi Bhláth? Sraith ar líne fógartha ag an gComhairle Ealaíon agus ag Iontaobhas Ealaíon Íceach Phort Láirge le tacú le folláine earnáil na n-ealaíon in Éirinn
From Access to Inclusion; Cruinniú mullaigh ar na hEalaíona agus ar an gCultúr
Deontais agus Dámhachtainí
Dámhachtain do Thionscadal Amharclannaíochta - Spriocdháta le teacht
Spriocdháta: Dámhachtain Coimisiún, Déardaoin, 29 Aibreán 2021
Scéim Ensembles na nÓg 2021
Nuacht ón bPobal
Aire a Thabhairt d’Intinní Cruthaitheacha – MÁRTA Seisiún Teacht Le Chéile
NÓTA COMHTHÉACSÚIL DO RÍOMHPHOST SPEAK UP ACTiON
Scoileanna Ildánacha
Scoileanna Ildánacha/Creative Schools 2021
Conairí 2021 – Seisiún 1

Ag leanúint de Shraith Fhéile na Cainte 2020, tá Foireann na bhFéilte chun clár de phlé painéil a óstáil le haghaidh déantóirí féilte, ealaíontóirí a chruthaíonn saothair i gcomhthéacs féile agus páirtithe leasmhara féilte, d’fhonn na ceachtanna a foghlaimíodh ó 2020, mar aon leis na dúshláin atá ós ár gcomhair amach in 2021, a phlé agus a roinnt.

  

Is féidir clárú anois don chéad cheann as ceithre sheisiún a bheidh mar chuid den chlár seo.  

 

Seisiún 1: Paindéim-dhíonadh: Cad iad na straitéisí chun teacht slán as tráthanna éiginnte?

An 10 Márta ag 3pm

 

Agus muid fós thíos le srianta sláinte poiblí leanúnacha, cén chaoi a bhfuil ag éirí le féilte pleanáil a dhéanamh d’ainneoin na héiginnteachta, agus an bhfuil aon straitéis chruthaitheach nó cleas oibríochtúil ann a d’fhéadfadh le féilte ealaíon leas a bhaint astu sna míonna beaga amach romhainn?

 

Fógrófar na painéalaithe le haghaidh an tseisiúin seo an tseachtain seo chugainn.

 

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon chun tuilleadh eolais a fháil: anseo.