San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Iúil dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Mark O’Halloran ceaptha mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe ag UCC
DHÁ MHÓRDHUAIS SA CHEOLDRÁMAÍOCHT BRONNTA AR CHOMPÁNTAIS ÉIREANNACHA
Clinic faisnéise – An tslí le hiarratas ar mhaoiniú straitéiseach a dhéanamh
Deontais agus Dámhachtainí
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge in DCU 2017 - 2018
Comhaltacht Scríbhneora UCD Eanáir – Meitheamh 2018
Nuacht ón bPobal
Oifigeach Tiomsaithe Airgid & Urraíochta Compántas Amharclannaíochta Barnstorm
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe

Dáta Deireanach le haghaidh Iarratas: 15 Lúnasa 2017 Scoil: An Scoil Cheoil agus Amharclannaíochta Conradh: Téarma Seasta Páirtaimseartha.Táthar ag lorg iarratas ó shárealaíontóirí clúiteacha (ceoltóirí, amhránaithe, rinceoirí) a bhfuil an-teist orthu don fholúntas thuasluaite arna chomh-mhaoiniú ag Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (COC) agus ag an gComhairle Ealaíon. Ó Dheireadh Fómhair 2017 go dtí Meán Fómhair 2018 an tréimhse atá i gceist.

 

Beidh an té a cheapfar mar chomhairleoir agus mar mheantóir d’ealaíontóirí traidisiúnta nua i bpobal COC agus cuirfidh sé/sí sé huaire a' chloig teagmhála ar fáil gach seachtain le ceardlanna, seimeanáir agus seisiúin chomhairleoireachta i rith théarmaí na hollscoile. Seinnfidh an té a cheapfar ag dhá cheolchoirm phoiblí agus beidh baint aige/aici le comhthionscadal idir an fhoireann agus na mic léinn a chuirfidh ábhar ealaíonta bunaidh os comhair an tsaoil mhóir. I rith laethanta saoire na hollscoile beidh an té a cheapfar in ann a c(h)uid tionscadal féin a chur i gcrích gan aon chur isteach.

Conas iarratas a dhéanamh:

Ba cheart iarratais a sheoladh mar cheangaltán le ríomhphost roimh an 15 Lúnasa 2017. Iarrtar ar iarrthóirí litir iarratais maille le C.V. a chur isteach in a bhfuil sonraí a bhaineann le hábhar, mar shampla ceolchoirmeacha, foilseacháin (CDanna, DVDanna, srl. san áireamh) agus gradaim go dtí an Dr. Tríona Ní Shíocháin, An Scoil Cheoil agus Amharclannaíochta, COC nó triona.nishiochain@ucc.ie .   

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Tríona Ní Shíocháin má tá tuilleadh eolais uait ar shonraí, ar chúrsaí airgeadais nó má theastaíonn uait fiosrúcháin neamhfhoirmiúla a dhéanamh.

 

Beidh na hagallaimh ar siúl i gCorcaigh go luath i Mí Mheán Fómhair.