San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mheán Fómhair dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Foráil do Sheirbhísí Bailiúcháin Ealaíne
Taighde ar Chlár na nÁiteanna Cruthaitheacha
NUA: Scéim Infheistíochta na bhFéilte – Clinicí
Breathnaítear ar éagsúlacht agus ar nuálaíocht le féile ceoil thraidisiúnta sa Cheoláras Náisiúnta
Deontais agus Dámhachtainí
Meabhrúchán – Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí 2018 ar oscailt anois
Camchuartaíocht 2018/2019
Nuacht ón bPobal
Tá glaoch ar iarratais dá Chlár Cónaitheachta sa Cité internationale des arts i bPáras don bhliain 2018 seolta ag an Institut français
Tá glaoch ar iarratais dá Chlár Cónaitheachta sa Cité internationale des arts i bPáras don bhliain 2018 seolta ag an Institut français

Tá an clár seo dírithe ar ealaíontóirí iasachta as gach cearn den domhan ar mian leo dul i mbun thionscnamh taighde i bPáras ar feadh tréimhse de thrí mhí as a cheile ar a laghad, agus a bhfuil tacaíocht acu ó chomhpháirtí cultúrtha amháin nó níos mó. D'fhéadfadh na comhpháirtithe seo atá ag plé leis an ealaíontóir a bheith ina n-institiúidí de chuid an líonra cultúrtha Fraincise thar lear (Seirbhís Chultúrtha d’Ambasáid na Fraince agus an Alliance française) agus / nó struchtúir chultúrtha Fraincise nó iasachta (ionaid ealaíne, cumainn, saotharlanna ildisciplíneacha, dánlanna, iarsmalanna, amharclanna, ionaid léirithe don damhsa agus sorcas, ceolárais, féilte thar lear, srl.).

 

Is é an 29 Meán Fómhair an spriocdháta i gcomhair na n-iarratas. Is féidir na sonraí uile a fháil anseo agus thíos.