San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Iúil dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Mark O’Halloran ceaptha mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe ag UCC
DHÁ MHÓRDHUAIS SA CHEOLDRÁMAÍOCHT BRONNTA AR CHOMPÁNTAIS ÉIREANNACHA
Clinic faisnéise – An tslí le hiarratas ar mhaoiniú straitéiseach a dhéanamh
Deontais agus Dámhachtainí
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge in DCU 2017 - 2018
Comhaltacht Scríbhneora UCD Eanáir – Meitheamh 2018
Nuacht ón bPobal
Oifigeach Tiomsaithe Airgid & Urraíochta Compántas Amharclannaíochta Barnstorm
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir

Cruinniú ar an Eoraip Chruthaitheach – spotsolas ar rannpháirtíocht na hÉireann i gclár na hEorpa Cruthaithí agus ag féachaint amach romhainn go 2020, cén tionchar a bheidh ag an stádas mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa ar Chathair na Gaillimhe?

Fuair Gaillimh luach a saothair nuair a fógraíodh gur glacadh lena tairiscint chun Príomhchathair Chultúir na hEorpa a óstáil in 2020.  Tá an obair ar bun anois agus an fhoireann agus an pobal ag ullmhú don chlár bliana cultúrtha seo a léireoidh saibhreas agus ilghnéitheacht cultúr san Eoraip agus a dhéanfaidh ceiliúradh ar ár gcomhluachanna agus eispéireas mar shaoránaigh Eorpacha.

Agus muid ag díriú go speisialta ar chomhar na hEorpa i nGaillimh, bheartaíomar rannpháirtíocht na hÉireann i dtionscadail chultúir na hEorpa le tacaíocht ó fhochlár cultúir na hEorpa Cruthaithí a léiriú.

Bí linn don imeacht saor in aisce seo le linn Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe, inseoidh rannpháirtithe i dtrí thionscadal Éireannacha dúinn faoin taithí atá faighte acu le tionscadail trasnáisiúnta cultúir, idir aoibhneas agus anacair agus cad a spreagann iad.  Leanfaidh díospóireacht phainéil á chur i láthair ag Benita Lipps ó Institiúid DaVinci agus ansin fáiltiú do na rannpháirtithe.

Dáta:  De hAoine, 21 Iúil 4pm – 6pm

Láthair:  Músaem Cathrach na Gaillimhe, Paráid na Spáinneach, Cathair na Gaillimhe

Is féidir freastal ar an gcruinniú seo saor in aisce ach is gá duit clárú anseo.

 

Glaonna ar Mhaoiniú: Tacaíocht do Thionscadail Chomhoibrithe Eorpacha

 

Foilseofar an ghairm tograí le haghaidh Tacaíocht do Thionscadail Chomhoibrithe Eorpacha sna míonna le teacht.  Táimid ar fáil chun cabhrú leat!  Beimid ag fógairt an dáta don cheardlann iarratais a luaithe is a fhoilseofar an ghairm ach idir an dá linn... cuir glaoch orainn agus labhair linn faoi do thionscadal nó cuir do cheisteanna chugainn i ríomhphost, seol do dhréacht-thogra agus/nó buiséad chugainn agus tabharfaimid aiseolas duit.  Is féidir linn leideanna agus comhairle a thabhairt duit chun a chinntiú go mbeidh togra den chéad scoth agat don chiste iomaíoch seo.  Is féidir linn cuidiú leat comhpháirtithe a lorg chomh maith.  Is fiú go mór i gcónaí foghlaim ó dhaoine a bhfuil taithí acu; cláraigh don chruinniú i nGaillimh chun spreagadh a fháil.

 

Tabhair cuireadh don Oifig Cultúir labhairt ag d’imeacht

 

Ní hamháin go n-eagraímid ár gcuid imeachtaí féin, ach is minic a thugtar cuireadh do Dheasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn – Oifig Cultúir chun labhairt ag imeachtaí trasna na tíre. Léiríonn an Oifig Cultúir deiseanna maoiniúcháin an Aontais Eorpaigh atá ar fáil faoin gclár, an Eoraip Chruthaitheach, agus tugann sí comhairle faoin gcaoi a dtógtar comhpháirtíochtaí agus a bhforbraítear tionscadail Eorpacha.

 

Má tá sé ar intinn ag d’eagraíocht comhdháil, seimineár, ceardlann nó cruinniú comhpháirtithe a reáchtáil a mbeadh rannpháirtíocht nó freastal na hOifige Cultúir tairbheach dó nó di, déan teagmháil linn ag cedculture@artscouncil.ie