San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte chuig eagrán Lúnasa dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Clinicí Maoinithe Amharclannaíochta
Treoir: Ag Obair i gComhthéacsanna Idirchultúrtha
Tá Tábhacht le hÁiteanna: ag cur le cuimsiú sna healaíona
CUR I LÁTHAIR AGUS CEISTEANNA & FREAGRAÍ - Taighde ar Mheon an Phobail
Tairiscint taighde foilsithe don Oíche Chultúir
Deontais agus Dámhachtainí
Maoiniú d’Ionaid Ealaíon 2021
Spriocdháta: Maoiniú Straitéiseach 2021
Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne
Spriocdháta: Dámhachtain Coimisiún, Déardaoin, an 17 Meán Fómhair 2020
Clinic Eolais ar líne ar dhámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon do 2020 atá ag teacht aníos
Dámhachtain le haghaidh Forbairt Ghairmiúil
Dámhachtainí Tionscadail, Déardaoin, an 10 Meán Fómhair 2020
Athoscailt Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh – Scéim Phíolótach chun Acmhainní Amharclannaíochta a Chomhroinnt
Nuacht ón bPobal
DEIS FOSTAÍOCHTA: OIFIGEACH CUMARSÁIDE & MARGAÍOCHTA
Spriocdháta: Maoiniú Straitéiseach 2021

Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas: 5.30pm Déardaoin an 22 Deireadh Fómhair 2020

Beifear ag glacadh le hiarratais ón 11 Lúnasa 2020.

Is é is cuspóir le Maoiniú Straitéiseach infheistíocht a chur sa bhonneagar riachtanach a theastaíonn chun na healaíona a chothú agus a fhorbairt in Éirinn agus tacaíocht a thabhairt don bhonneagar sin.

Ní mór dóibh siúd a fhaigheann Maoiniú Straitéiseach obair ríthábhachtach a dhéanamh le go gcuirfí na tosaíochtaí beartais a shonraítear i straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon (Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh) i gcrích.

Agus Maoiniú Straitéiseach á tairiscint aici, is mian leis an gComhairle Ealaíon an méid seo a leanas a chinntiú:

  • Soláthar oibre ealaíne agus/nó imeachtaí, gníomhaíochtaí, seirbhísí den chéad scoth
  • Deiseanna iontacha d’ealaíontóirí agus/nó gairmithe ealaíon chun a gcleachtas a fhorbairt agus/nó chun saothar ardchaighdeáin a chruthú nó dul i ngleic le saothar ardchaighdeáin.
  • Go léireofar éagsúlacht na hÉireann comhaimseartha san obair a dtacaíonn sí léi
  • Go mbainfidh níos mó daoine taitneamh as taithí ealaíon d’ardchaighdeán
  • Go mbeidh rannpháirtíocht níos mó ag an bpobal agus leis an bpobal
  • Go mbainfear caighdeáin sármhaitheasa amach maidir le rialachas agus bainistíocht sna healaíona.

 

Baineann Maoiniú Straitéiseach le heagraíochtaí amháin. Ní féidir le heagraíocht níos mó ná iarratas amháin a dhéanamh gach bliain ar Mhaoiniú Straitéiseach.

Foilseofar treoirlínte ar an rannán maoiniú atá ar fáil dár suíomh gréasáin.