San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Samhna dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Foireann na Scoileanna Ildánacha á Fógairt ag an gComhairle Ealaíon
Age & Opportunity – Féile na Bealtaine, 2018
Deontais agus Dámhachtainí
Meabhrúchán: Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon – Dámhachtain Sparánachta 2017: Ealaín Chomhoibríoch agus Gníomhaíochas
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta, Déardaoin, an 25 Eanáir 2018, 5.30 p.m
An Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair i gcomhair camchuairteanna a bheidh ag tosú idir Iúil agus Nollaig 2018 / Réamhphleanáil 2019
An Dámhachtain Taistil agus Oiliúna 2018
Nuacht ón bPobal
Gairm Oscailte ar Shraith Máistir-Ranganna 1 de chuid Belltable: Connect a bhfuil an Chomhairle Ealaíon ag tacú léi faoin Scéim um Fhorbairt Ealaíontóirí Amharclannaíochta
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta, Déardaoin, an 25 Eanáir 2018, 5.30 p.m

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Sparánachta na Comhairle Ealaíon Déardaoin, an 25 Eanáir 2018.

 

Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 19 Nollaig 2017.

 

Tá an Dámhachtain Sparánachta ar fáil do na cineálacha ealaíne seo a leanas:

  • Ailtireacht
  • Sorcas
  • Damhsa
  • Scannán
  • Litríocht (Béarla)
  • Ceol
  • Ceoldrámaíocht
  • Sráidealaín & Seónna
  • Amharclannaíocht
  • Na hAmharc-ealaíona

Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Dírítear leis an dámhachtain ar an luach agus ar an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as tréimhse spriocdhírithe i mbun cleachtaidh.

 

Tá treoirlínte maidir le gach dámhachtain foilsithe sa chuid maoiniú atá ar fáil dár suíomh gréasáin.

 

Tabhair faoi deara

Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh gréasáin seirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.